Language of document :

Caingean arna tabhairt an 26 Iúil 2023 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Bulgáire

(Cás C-479/23)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Ilkova agus P. Messina, Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Bulgáire

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a dhearbhú, trí mhainneachtain na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá a ghlacadh chun Treoir (AE) 2019/520 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras leictreonach dolaí bóthair a chomhlíonadh agus trí mhalartú trasteorann faisnéise a éascú faoi mhainneachtain táillí bóthair a íoc san Aontas, nó, in aon chás, trí mhainneachtain fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith, nár chomhlíon Poblacht na Bulgáire a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 32(1) den treoir sin;

a ordú do Phoblacht na Bulgáire íocaíocht chnapshuime a íoc leis an gCoimisiún a fhreagróidh don mhéid is airde den dá mhéid seo a leanas: (i) suim laethúil EUR 1 800, arna hiolrú faoi líon na laethanta idir an lá tar éis dhul in éag na teorann ama maidir le trasuí, a leagtar síos sa treoir sin, agus an lá ar scoir an sárú, nó, mura bhfuil deireadh leis an sárú, an lá a thugtar an breithiúnas, nó (ii) íocaíocht chnapshuime íosta EUR 504 000;

i gcás ina leanfaidh an mhainneachtain na hoibleagáidí dá dtagraítear sa chéad fhleasc a chomhlíonadh suas go dtí an dáta a dtabharfar an breithiúnas sna himeachtaí reatha, a ordú do Phoblacht na Bulgáire íocaíocht phionósach thréimhsiúil a dhéanamh leis an gCoimisiún de EUR 9 720 in aghaidh an lae, amhail ón dáta a thabharfar an breithiúnas sna himeachtaí reatha, go dtí go mbeidh a hoibleagáidí faoin treoir comhlíonta ag an Stát sin;

a ordú do Phoblacht na Bulgáire na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Le Treoir (AE) 2019/520 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras leictreonach dolaí bóthair agus lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi mhainneachtain táillí bóthair a íoc san Aontas, bunaítear sraith rialacha, arb é is aidhm dóibh idir-inoibritheacht a bhaint amach maidir le dolaí bóthair agus bunús dlí a bhunú le haghaidh malartú trasteorann faisnéise i ndáil le feithiclí agus a n-úinéirí nó a sealbhóirí a mhainnigh táillí bóthair a íoc san Aontas.

I gcomhréir le hAirteagal 32(1) den treoir, bhí ar na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun í a chomhlíonadh a thabhairt isteach faoin 19 Deireadh Fómhair 2021 ar a dhéanaí. Ceanglaíodh ar na Ballstáit freisin téacs na mbeart a glacadh a chur in iúl láithreach don Choimisiún.

Chuir an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil chuig Poblacht na Bulgáire an 19 Deireadh Fómhair 2021. An 19 Bealtaine 2022, chuir an Coimisiún tuairim réasúnaithe chuig Poblacht na Bulgáire. Ina ainneoin sin, níor ghlac Poblacht na Bulgáire na bearta trasuite go fóill ná níor cuireadh in iúl don Choimisiún iad.

____________

1     IO 2019 L 91, lch. 45.