Language of document :

Caingean arna tabhairt an 26 Iúil 2023 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Bulgáire

(Cás C-480/23)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: E. Ruseva agus P. Messina, Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Bulgáire

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a dhearbhú, trí mhainneachtain na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá a ghlacadh chun Treoir (AE) 2019/1161 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leasaítear Treoir 2009/33/CE maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn, nó, in aon chás, trí mhainneachtain fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith, gur mhainnigh Poblacht na Bulgáire a hoibleagáidí faoi Airteagal 2(1) den treoir sin a chomhlíonadh;

a ordú do Phoblacht na Bulgáire íocaíocht chnapshuime a íoc leis an gCoimisiún a fhreagróidh don mhéid is airde den dá mhéid seo a leanas: (i) suim laethúil EUR 1 800, arna hiolrú faoi líon na laethanta idir an lá tar éis dhul in éag na teorann ama maidir le trasuí, a leagtar síos sa treoir, agus an lá ar scoir an sárú, nó, mura bhfuil deireadh leis an sárú, an lá a thugtar an breithiúnas, nó (ii) íocaíocht chnapshuime íosta EUR 504 000;

i gcás ina leanfaidh an mhainneachtain na hoibleagáidí dá dtagraítear sa chéad fhleasc a chomhlíonadh suas go dtí an dáta a dtabharfar an breithiúnas sna himeachtaí reatha, a ordú do Phoblacht na Bulgáire íocaíocht phionósach thréimhsiúil EUR 10 800 in aghaidh an lae a dhéanamh leis an gCoimisiún, amhail ón dáta a thabharfar an breithiúnas sna himeachtaí reatha, go dtí go mbeidh a hoibleagáidí faoin treoir comhlíonta ag an Stát sin;

a ordú do Phoblacht na Bulgáire na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Is é is aidhm do Threoir (AE) 2019/1161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leasaítear Treoir 2009/33/CE maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn (“an treoir”) an margadh d’fheithiclí iompair de bhóthar atá glan agus tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn agus a spreagadh agus feabhas a chur ar rannchuidiú na hearnála iompair le beartais chomhshaoil, aeráide agus fuinnimh an Aontais. D’fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach, cuireann an treoir de cheangal ar na Ballstáit a áirithiú, agus feithiclí áirithe iompair de bhóthar á soláthar acu, go gcuirfidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha tionchair fuinnimh agus chomhshaoil thar shaolré iomlán na bhfeithiclí san áireamh, lena n-áirítear ídiú fuinnimh agus astaíochtaí CO2 agus truailleán áirithe.

I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den treoir, bhí ar na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun í a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 2 Lúnasa 2021 ar a dhéanaí, agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sin láithreach. Agus na forálacha lena dtrasuitear an treoir á nglacadh, ní mór do na Ballstáit a áirithiú freisin go bhfuil tagairt don treoir sna forálacha sin nó go bhfuil tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil.

Chuir an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil chuig Poblacht na Bulgáire an 29 Meán Fómhair 2021. An 6 Aibreán 2022, chuir an Coimisiún tuairim réasúnaithe chuig Poblacht na Bulgáire. Ina ainneoin sin, níor ghlac Poblacht na Bulgáire na bearta trasuite go fóill ná níor cuireadh in iúl don Choimisiún iad.

____________

1     IO 2019 L 188, lch. 116.