Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Varhoven administrativen sad (an Bhulgáir), a taisceadh an 25 Iúil 2023, Obshtina Belovo v Rakovoditel na Upravlyavashtia organ na Operativna programa “Okolna sreda” 2014 – 2020

(Cás C-477/23, Obshtina Belovo)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Varhoven administrativen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir ar phointe dlí: Obshtina Belovo

Freagróir ar phointe dlí: Rakovoditel na Upravlyavashtia organ na Operativna programa “Okolna sreda” 2014 – 2020

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le pointí 10, 36 nó 37 d’Airteagal 2 de Rialachán Uimh. 1303/2013 1 ar reachtaíocht náisiúnta, nó ar chleachtas léiriúcháin nó cur i bhfeidhm i dtaca leis an reachtaíocht sin, ar dá réir, i gcás amhail é atá i gceist sna príomhimeachtaí, nach meastar gur tairbhí an deontais ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa ach ceann amháin de na bardais chomhpháirtíochta (Comhpháirtithe le ADBFP), eadhon an comhpháirtí a shínigh an comhaontú riaracháin maidir leis an deontas airgeadais mar chomhpháirtí cinn, ina thairbhí den deontas ó mhaoiniú Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE)? Cad iad na coinníollacha a chaithfidh eagraíocht a chomhlíonadh ionas go measfar gur tairbhí é de réir bhrí phointe 10 d’Airteagal 2 de Rialachán 1303/2013?

An gcuirtear cosc le pointí 10, 36 nó 37 d’Airteagal 2 de Rialachán Uimh. 1303/2013 ar reachtaíocht náisiúnta nó ar chleachtas léiriúcháin nó cur i bhfeidhm, ar dá réir, i gcás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí, a fhorchuirtear ceartúchán airgeadais mar gheall ar shárú arna dhéanamh ag oibreoir eacnamaíoch ar fhorálacha maidir le conarthaí soláthair phoiblí a dhámhachtain arna thabhairt faoi deara i gcinneadh, atá dírithe ar oibreoir eacnamaíoch eile, nach ndearna aon sárú, ach atá liostaithe mar chomhpháirtí cinn sa chonradh maidir le deontais airgeadais?

An gcuirtear cosc le Rialachán Uimh. 1303/2013 ar reachtaíocht náisiúnta nó ar chleachtas a bhaineann le léiriú nó cur i bhfeidhm na reachtaíochta sin, ar dá réir is féidir dliteanas i leith ceartúchán airgeadais a athshannadh idir comhpháirtithe an tionscadail i gcomhréir le conradh, nó an féidir nó an gcaithfidh gach oibreoir eacnamaíoch an dliteanas i leith ceartúcháin airgeadais a ghlacadh de réir na sáruithe atá déanta aige in úsáid Chistí CSIE i gcomhréir leis na conarthaí ina bhfuil sé ina pháirtí?

An gcuirtear cosc le hAirteagail 41 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, i gcás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí ar chleachtas riaracháin agus cásdlí ar dá réir nach bhfuil sé de cheart ag an mbardas, a maítear go ndearna sé sárú ar an Zakon za obshtestvenite porachki (an Dlí maidir le conarthaí soláthair phoiblí a dhámhachtain) agus conradh soláthair phoiblí á dhámhachtain in imeachtaí maidir le húsáid Chistí CSIE an ceart chun rannpháirtíocht in imeachtaí maidir le ceartúchán airgeadais a bhaineann le ceann de na conarthaí a thug sé i gcrích, ná an ceart chun rannpháirtíochta sna himeachtaí cúirte i gcoinne an ghnímh riaracháin sin, ar an bhforas gur féidir leis imeachtaí sibhialta a thabhairt de bhun an chomhaontaithe comhpháirtíochta leis an gcomhpháirtí cinn?

____________

1 Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 320).