Language of document :

Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 12 Eanáir 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Okręgowy w Warszawie – an Pholainn) – mBank S.A. v KŁ, JŁ

(Cás C-488/23, 1 Naniowski 2 )

(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte – Freagra ar féidir a bhaint go soiléir ón gcásdlí – Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra – Treoir 93/13/CEE – Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) – Conradh iasachta morgáiste arna innéacsú d’airgeadra eachtrach – Éifeachtaí neamhniú an chonartha sin ina iomláine – Oiriúnú breithiúnach ar shochar a fhreagraíonn don chaipiteal a chuirtear ar fáil)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Okręgowy w Warszawie

Páirtithe

Iarratasóir: mBank S.A.

Cosantóirí: KŁ, JŁ

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra a léiriú sa chaoi, i gcomhthéacs an chonartha iasachta morgáiste a chur ar neamhní ina iomláine, arna thabhairt i gcrích le tomhaltóir ag institiúid creidmheasa ar an bhforas go bhfuil téarmaí éagóracha sa chonradh nach bhféadfadh sé teacht slán dá n-uireasa, go gcuirtear cosc leo ar léiriú breithiúnach ar dhlí Ballstáit faoina bhfuil an ceart ag an institiúid sin a iarraidh ar an tomhaltóir sin, de bhreis ar an aisíoc do mhéideanna a fhreagraíonn don chaipitil a íocadh i leith chomhlíonadh an chonartha sin agus ús mhainneachtana ag an ráta reachtúil ó dháta an fhógra fhoirmiúil, cúitimh a íoc atá comhdhéanta d’oiriúnú breithiúnach ar shochar a fhreagraíonn don chaipiteal sin, i gcás modhnú suntasach i gcumhacht ceannaigh an airgeadra lena mbaineann tar éis don chaipiteal a íoc don tomhaltóir sin.

____________

1 Dáta taiscthe: 31.7.2023.

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.