Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 10 Lúnasa 2023 – Apothekerkammer Nordrhein v DocMorris NV
(Cás C-517/23, Apothekerkammer Nordrhein)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Cosantóir agus achomharcóir ar phointe dlí: Apothekerkammer Nordrhein
Iarratasóir agus freagróir ar phointe dlí: DocMorris NV
Na ceisteanna a tharchuirtear
An dtagann fógraíocht i dtaca le táirgí íocshláinte ar oideas as an raon iomlán earraí i gcógaslann faoi raon feidhme na rialacha maidir le fógraíocht i ndáil le táirgí íocshláinte faoi Threoir 2001/83/CE 1 (Teidil VIII agus VIIIa, Airteagail 86 go 100)?
Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1:
An bhfuil sé ag teacht le forálacha Theideal VIII agus go sonrach le hAirteagal 87(3) de Threoir 2001/83/CE, i gcás ina léirítear foráil náisiúnta (sa chás seo, litir (a) den chéad chlásal de phointe 2 den dara leath den chéad abairt de Mhír 7(1) den Gesetz über die Werbung auf dem Gebiete des Heilwesens (Heilmittelwerbegesetz) [an Dlí maidir le fógraíocht in earnáil na sláinte (an Dlí maidir le fógraíocht le haghaidh táirgí teiripeacha), “HWG”]), sa chaoi go gcuirtear cosc ar fhógraíocht le haghaidh raon iomlán na dtáirgí íocshláinte ar oideas ó chógaslann phostdhíola atá bunaithe i mBallstát eile trí fhéiríní bolscaireachta i bhfoirm dearbháin le haghaidh suim airgid áirithe nó le haghaidh lascaine céatadáin ar tháirgí a cheannaítear ina dhiaidh sin?
Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1:
An bhfuil sé i gcomhréir le forálacha Theideal VIII agus go sonrach le hAirteagal 87(3) de Threoir 2001/83/CE, i gcás ina léirítear foráil náisiúnta (sa chás seo: litir (a) den chéad chlásal de phointe 2 den dara leath den chéad abairt de Mhír 7(1) de HWG) sa chaoi go gceadaítear fógraíocht le haghaidh raon iomlán na dtáirgí íocshláinte ar oideas ó chógaslann phostdhíola atá bunaithe i mBallstát eile trí fhéiríní bolscaireachta i bhfoirm lascainí le héifeacht láithreach agus íocaíochtaí le héifeacht láithreach?
____________
1 Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gCód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO 2001 L 311, lch. 67).