Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Samhain 2023 – Lotum one v EUIPO – Playtika Santa Monica (WORDBLITZ)
(Cás T-438/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Tarraingt siar an fhreasúra – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Lotum one GmbH (Bad Nauheim, an Ghearmáin) (ionadaí: T. Hogh Holub, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Hanf, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Playtika Santa Monica, LLC (Henderson, Nevada, Stáit Aontaithe Mhéiriceá) (ionadaithe: I. Fowler agus I. Junkar, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 27 Márta 2023 (Cás R 1682/2021-4) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) Ní gá le breith a thabhairt ar an gcaingean a tuilleadh.
2) Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.
____________
1 IO C 321, 11.9.2023.