Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 22 Nollaig 2023 – TB v ENISA

(Cás T-322/21) 1

(An tseirbhís shibhialta – Baill foirne shealadacha – Atheagrú ENISA – Cinneadh intuigthe gan a thabhairt le fios gur féidir folúntais do Chinn Aonaid a líonadh trí shoghluaisteacht inmheánach – An chaoi gur éirigh an t-iarratasóir a post – Dul i léig an leasa i dtionscnamh imeachtaí– Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais )

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: TB (ionadaithe: L. Levi agus N. Flandin, Dlíodóirí)

Cosantóirí: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ionadaithe: I. Taurina, G. Pappa agus C. Chalanouli, Gníomhairí, le cúnamh ó B. Wägenbaur, Dlíodóir)

Ábhar

Lena caingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní Cinneadh intuigthe Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) gan a thabhairt le fios gur féidir folúntais i gcomhair poist mar Cheann Aonaid na hOifige um Beartais agus mar Cheann an Aonaid Airgeadais agus Soláthair a líonadh trí shoghluaisteacht inmheánach, de réir mar a tugadh le fios leis, ar an gcéad dul síos, go bunúsach, leis an dá fhógra folúntais a foilsíodh an 5 Lúnasa 2020 ar shuíomh gréasáin ENISA maidir le post Cheann Aonaid Oifig an Stiúrthóra Feidhmiúcháin (ENISA-TA70-AD-2020-04) agus post Ceann an Aonaid um Sheirbhísí Tacaíochta Corparáidí (ENISA-TA71-AD-2020-05) (ina dhiaidh seo, le chéile, an ‘dá fhógra folúntais arna ndátú an 5 Lúnasa 2020’) agus, ar an dara dul síos, Fógra Riaracháin Uimh. 2020-11 an 1 Meán Fómhair 2020 maidir le conclúidí an idirphlé maidir le soghluaiseacht inmheánach (ina dhiaidh seo, ‘Fógra Riaracháin Uimh. 2020-11’). Iarrann an t-iarratasóir freisin, go gcuirfí ar neamhní, a mhéad is gá, ar an gcéad dul síos na fógraí folúntais arna ndátú an 5 Lúnasa 2020 agus Fógra Riaracháin Uimh 2020-11 agus, ar an dara dul síos, Cinneadh an 3 Márta 2021 lena ndiúltaítear dá gearán an 4 Samhain 2020 dírithe in éadan an chinnidh intuigthe, na bhfógraí folúntais arna ndátú an 5 Lúnasa 2020 agus Fhógra Riaracháin Uimh 2020-11.

An chuid oibríochtúil

Ní gá a thuilleadh don chaingean dul ar aghaidh chun breithiúnais.

Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 329, 16.8.2021.