Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Curtea de Apel București (an Rómáin) a taisceadh an 27 Meitheamh 2023 – Brăila Winds SRL v Direcția Generală Regională a Finanțelor Publice București – Administrația Fiscală pentru Contribuabili Mijlocii București, Ministerul Finanţelor, Preşedintele Agenţiei Naţionale de Administrare Fiscală, Agenţia Naţională de Administrare Fiscală

(Cás C-391/23, Brăila Winds)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel București

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Brăila Winds SRL

Cosantóirí: Direcția Generală Regională a Finanțelor Publice București – Administrația Fiscală pentru Contribuabili Mijlocii București, Ministerul Finanțelor, Președintele Agenției Naționale de Administrare Fiscală, Agenția Națională de Administrare Fiscală

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gcaithfear forálacha Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE a léiriú sa chaoi gurb ionann reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht a thugtar isteach le Legea nr. 259/2021 (Dlí Uimh. 259/2021), lena bhforchuirtear cáin ar tháirgeoirí áirithe leictreachais agus orthu sin amháin, agus Státchabhair a dheonaítear do dhaoine díolmhaithe, atá faoi réir ceanglais maidir le fógra a thabhairt? An bhfuil an reachtaíocht sin idirdhealaitheach mura bhfuil feidhm aici ach amháin maidir le táirgeoirí áirithe leictreachais, lena n-áirítear táirgeoirí a tháirgeann leictreachas ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh?

An gcaithfear forálacha Airteagal 49 agus Airteagal 56 CFAE agus forálacha Airteagal 17 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léiriú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht a thugtar isteach le Dlí Uimh. 259/2021, lena bhforchuirtear méid mór cánach ar tháirgeoirí áirithe leictreachais (lena n-áirítear táirgeoirí a tháirgeann leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite), agus catagóirí táirgeoirí eile a eisiamh?

Roimh Rialachán 2022/18541 , an gcuirtear cosc le Treoir (AE) 2019/944 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE2 , maidir le reachtaíocht náisiúnta a bhféadfadh socrú praghsanna díola nó srian ar an tsaoirse chun praghsanna díola a shocrú a bheith mar thoradh uirthi, amhail an reachtaíocht a thugtar isteach le Dlí Uimh. 259/2021?

An bhfuil forálacha Airteagal 191(2) CFAE a bhaineann le prionsabal an réamhchúraim agus na prionsabail gur cheart bearta coisctheacha a dhéanamh, gur cheart truailliú a cheartú ag an bhfoinse agus gur cheart gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as bac a chur ar reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht a thugtar isteach le Dlí Uimh. 259/2021? An mbaineann sé sin an bonn de chuspóirí na hEorpa maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus beartas an Aontais Eorpaigh maidir le cánachas fuinnimh?

____________

1 Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh (IO 2022 L 261, lch. 1).

1 Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO 2019 L 158, lch. 125).