Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Wedding (an Ghearmáin) a taisceadh an 27 Meitheamh 2023 - Bulgarfrukt - Fruchthandels GmbH v Oranzherii Gimel II EOOD
(Cás C-389/23, Bulgarfrukt)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Amtsgericht Wedding
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Bulgarfrukt - Fruchthandels GmbH
Cosantóir: Oranzherii Gimel II EOOD
Na ceisteanna a tharchuirtear
An gcaithfear Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 1 agus Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 2 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar riail sa dlí náisiúnta lena bhforáiltear go gcuirfear ordú íocaíochta Eorpach mar chuid de leigheas dlíthiúil ar neamhní i gcás nach seirbheáladh nó nach seirbheáladh go héifeachtach é ar an gcosantóir?
I gcás go dtabharfar freagra dearfach ar an gcéad cheist: An gcaithfear na Rialacháin sin a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar riail sa dlí náisiúnta lena bhforáiltear go ndearbhófar nach bhfuil sé ceadaithe an t-ordú íocaíochta Eorpach a fhorfheidhmiú i gcás nach seirbheáladh an t-ordú íocaíochta ar an gcosantóir nó nach seirbheáladh air go héifeachtach é?
I gcás go dtabharfar freagra dearfach ar an gcéad cheist: An gcaithfear Rialachán Uimh. 1896/2006 a léiriú sa chaoi nach bhfuil cosantóir atá ar an eolas gur eisíodh ordú íocaíochta Eorpach, cé nach seirbheáladh é go fóill air nó nach seirbheáladh air go héifeachtach é go fóill, in ann díospóid éifeachtach a dhéanamh ina choinne sin go fóill?
____________
1 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó in ábhair tráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (“doiciméid a sheirbheáil”), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 ón gComhairle (IO 2007 L 324, lch. 79).
1 Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena gcruthaítear ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta (IO 2006 L 399, lch. 1).