Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil) an 30 Eanáir 2024 – Higreen Power Srl v Gestore dei Servizi Energetici SpA - GSE, Presidenza del Consiglio dei ministri, Consiglio dei Ministri, Ministero dell’Economia e delle Finanze, Ministero dell’ambiente e della sicurezza energetica, Ministero delle Imprese e del Made in Italy, Autorità di Regolazione per Energia Reti e Ambiente (ARERA)

(Cás C-66/24, Higreen Power)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Higreen Power Srl

Cosantóirí: Gestore dei Servizi Energetici SpA - GSE, Presidenza del Consiglio dei ministri, Consiglio dei Ministri, Ministero dell’Economia e delle Finanze, Ministero dell’ambiente e della sicurezza energetica, Ministero delle Imprese e del Made in Italy, Autorità di Regolazione per Energia Reti e Ambiente (ARERA)

An cheist a tharchuirtear

Maidir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 200[9]/28/CE 1 agus Airteagal 4 de Threoir 2018/2001/AE 2 an gcuirtear nó nach gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta, amhail Airteagal 7(7) d’Foraithne na hAireachta um Fhorbairt Eacnamaíoch an 4 Iúil 2019, a sholáthraíonn, i gcomhthéacs scéime tacaíochta náisiúnta chun fuinneamh a tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite, i gcásanna ina ndíolann táirgeoirí fuinneamh ar an saormhargadh, i gcás sásra dreasachta (meicníocht ‘débhealaigh’ mar a thugtar air) faoina ndéanfar, maidir le gléasraí nuathógtha agus a bhfuil acmhainneacht acu arb ionann é agus 250 kW nó níos mó ná sin amháin, an dreasacht a ríomh mar an difríocht idir an taraif aitheanta le haghaidh an gnóthas (arna chinneadh ag cur san áireamh, ar thaobh amháin, na taraifí tagartha dá bhforáiltear do gach cineál gléasra agus idirghabhála, leis an reachtaíocht is infheidhme, agus, ar an taobh eile, na laghduithe anuas arna dtairiscint ag an oibreoir i gcomhthéacs an nósanna imeachta ceantála nó clárúcháin, chomh maith leis na laghduithe breise dá bhforáiltear go ginearálta sna rialacha náisiúnta) agus an praghas criosach in aghaidh na huaire, agus an oibleagáid iarmhartach orthu na méideanna a sháraíonn luach na taraife aitheanta a aisíoc nuair is airde an praghas criosach in aghaidh na huaire ná é sin (an ‘dreasacht dhiúltach’ mar a thugtar air)?

____________

1     Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 2001/77/CE agus 2003/30/CE (IO 2009 L 140, lch. 16).

1     Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (athmhúnlú) (IO 2018 L 328, lch. 82).