Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Rejonowy dla Warszawy-Śródmieścia w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 1 Feabhra 2024 – Zwrotybankowe.pl sp. z o.o. v Powszechna Kasa Oszczędności Bank Polski S.A.

(Cás C-80/24, Zwrotybankowe.pl)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Rejonowy dla Warszawy-Śródmieścia w Warszawie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Zwrotybankowe.pl sp. z o.o.

Cosantóir: Powszechna Kasa Oszczędności Bank Polski S.A.

Na ceisteanna a tharchuirtear

Maidir le hAirteagal 22(2) de Threoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE 1 ón gComhairle, an bhfuil léiriú le déanamh amhail go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena dtugtar cead do thomhaltóir a chuid cearta a thugtar dó le reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear an Treoir chun feidhme a aistriú go tríú páirtí nach tomhaltóir é?

Maidir le hAirteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, 1 an bhfuil léiriú le déanamh amhail go bhfuil sé de dhualgas ar an gcúirt scrúdú a dhéanamh as a stuaim féin an éagórach nó nach éagórach téarma i gconradh sannta éilimh arna thabhairt i gcrích idir tomhaltóir agus tríú páirtí, má tá an tríú páirtí ag brath ar an gconradh sin mar bhunús dá locus standi in imeachtaí os comhair na cúirte i gcoinne an díoltóra nó an soláthróra a thug an conradh tosaigh i gcrích leis an tomhaltóir?

____________

1 IO 2008 L 133, lch. 66.

1 IO 1993 L 95, lch. 29.