Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Feabhra 2024 – Darila v EUIPO – Original Buff (Buffet)
(Cás T-101/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh Buffet – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe BUFF agus marc fíortha níos luaithe Buff – Forais choibhneasta le diúltú – Riosca mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Michal Darila (an Bhratasláiv, an tSlóvaic) (ionadaí: M. Holič, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: T. Klee, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Original Buff, SA (Igualada, an Spáinn) (ionadaithe: M. Hernández Gázquez agus E. Edissonov Kirilov, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, go bunúsach, go ndéanfaí Cinneadh an Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 16 Nollaig 2022 (Cás R 528/2022-2) a chur ar neamhní agus a athrú.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do Michal Darila a chostais féin, agus na costais arna dtabhú ag Original Buff, SA, a íoc.
Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.
____________
1 IO C 127, 11.4.2023.