Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Feabhra 2024 – J&B v EUIPO – Ergün (J&B BRO)
(Cás T-318/23) 1
(‘Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘J&B BRO’ – Marcanna fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh 4BRO níos luaithe – Foras coibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mearbhaill – Cosúlacht idir na gcomharthaí – Airteagal 8(1)b de Rialachán (AE) 2017/1001’)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: J&B Ltd (Road Town, Oileáin Bhriotanacha na Maighdean) (ionadaithe: C. Thomas agus B. Reiter, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: S. Scardocchia agus A. Ringelhann, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Engin Ergün (Dortmund, an Ghearmáin)
Ábhar
Lena caingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 12 Aibreán 2023 (Cás R 2012/2022-1) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Díbhtear an chaingean.
Ordaítear do J&B Ltd agus d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a gcostais féin a íoc.
____________
1 IO C 261, 24.7.2023.