Caingean arna tabhairt an 8 Lúnasa 2023 – Bartex Bartol v EUIPO – Grupa Chorten (duch puszczy)
(Cás T-473/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Bartex Bartol sp. z o.o sp. k. (Nowy Tomyśl, an Pholainn) (ionadaí: A. Gierczak, dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Grupa Chorten (Białystok, an Pholainn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “duch puszczy” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 15 668 213
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 17 Bealtaine 2023 i gCás R 1450/2022-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc costais na n-imeachtaí a íoc agus costais an iarratasóra a aisíoc.
Saincheisteanna dlí
Sárú ar Airteagal 59(1)(a) in éineacht le hAirteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 59(1)(a) in éineacht le hAirteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 95(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus ar Airteagal 54(1) de Rialacha Nós Imeachta na mBord Achomhairc;
Sárú ar Airteagal 95(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle in éineacht le hAirteagal 52 de Rialacha Nós Imeachta na mBord Achomhairc agus le hAirteagal 16(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625;
Sárú ar Airteagal 16(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 agus ar Airteagal 52 de Rialacha Nós Imeachta na mBord Achomhairc.
____________