Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Ard-Chúirt (Éire) a taisceadh an 26 Eanáir 2024 – NE, MY, HJ, XF, WB, UV, VK, JU, RJ agus DZ v An Bord Pleanála, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Éire agus an tArd-Aighne

(Cás C-58/24, Drumakilla)

Teanga an cháis: an Béarla

An chúirt a rinne an tarchur

an Ard-Chúirt (Éire)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: NE, MY, HJ, XF, WB, UV, VK, JU, RJ agus DZ

Freagróirí: an Bord Pleanála, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta,

Éire agus an tArd-Aighne

Fógrapháirtí: Drumakilla Limited

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil sé d’éifeacht ag Airteagal 11 de Threoir 2011/92 1 arna léamh i bhfianaise an phrionsabail maidir le rochtain leathan ar cheartas faoi Airteagal 9(2) de Choinbhinsiún Aarhus, i gcás nach féidir tionscadal de réir bhrí Airteagal 1(2)(a) de Threoir 2011/92 is ábhar d’iarratas ar thoiliú forbartha (an “príomhthoiliú”) a chur i gcrích gan cead eile a bheith faighte ag an bhforbróir ar dtús (“an toiliú tánaisteach”), agus i gcás ina gcoinníonn an t-údarás atá inniúil ar an bpríomhthoiliú a dheonú le haghaidh tionscadal den sórt sin an cumas measúnú níos déine a dhéanamh ar thionchar comhshaoil an tionscadail ná mar a rinneadh sa toiliú tánaisteach, go gcaithfear leis an toiliú tánaisteach sin (má dheonaítear é roimh an bpríomhthoiliú) mar chuid den nós imeachta um thoiliú don fhorbairt chun críoch seachas i ndáil le raon feidhme na n-ábhar a bheidh le breithniú nó le measúnú faoi Threoir 2011/92, go ginearálta nó i gcás inar cinneadh arna ghlacadh faoi Airteagal 16(1) de Threoir 92/43 é an toiliú tánaisteach agus lena n-údaraítear d’fhorbróir maolú ó na bearta cosanta speiceas is infheidhme chun an tionscadal a chur i gcrích?

Más freagra dearfach a thugtar ar an gcéad cheist, an bhfuil sé d’éifeacht ag Airteagal 11 de Threoir 2011/92 arna léamh i bhfianaise an phrionsabail maidir le rochtain leathan ar cheartas faoi Airteagal 9(2) de Choinbhinsiún Aarhus nach mór rialacha náisiúnta baile maidir leis an dáta a dtosóidh an t-am chun agóid a dhéanamh i gcoinne bailíocht cinnidh arna ghlacadh faoi Airteagal 16(1) de Threoir 92/431 (an “toiliú tánaisteach”) a léiriú ionas nach féidir an tréimhse sin a thosú roimh an dáta a nglacfar an toiliú forbartha lena mbaineann (an “toiliú príomha”), go ginearálta nó i gcás: (i) go raibh an tionscadal faoi réir an scrúdaithe de réir an cháis a bheartaítear le hAirteagal 4(2)(a) de Threoir 2011/92, agus/nó (ii) go ndearnadh an cinneadh faoi Airteagal 4(5) chun críocha an phríomhthoilithe tar éis an toiliú tánaisteach a bheith deonaithe agus go comhuaineach leis an gcinneadh maidir leis an bpríomhthoiliú, agus/nó (iii) nach bhfuil aon fhoras sna himeachtaí lena ndéantar agóid i gcoinne bhailíocht an toilithe thánaistigh trí thagairt a dhéanamh do neamhbhailíocht dhearbhaithe an toilithe thánaistigh, agus/nó (iv) nach gcuireann an t-iarratasóir iarratas isteach ar shíneadh ama chun agóid a dhéanamh in aghaidh an toilithe thánaistigh, ar iarratas é a éilítear leis an dlí náisiúnta ar agóid dhéanach in éagmais aon dlí de chuid an Aontais Eorpaigh ina choinne sin?

Más freagra dearfach a thugtar ar an gcéad cheist agus más freagra diúltach a thugtar ar an dara ceist i gcoitinne, an bhfuil sé d’éifeacht ag Treoir 2011/92, arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha agus/nó i bhfianaise an phrionsabail maidir le rochtain leathan ar cheartas a leagtar síos in Airteagal 9(2) de Choinbhinsiún Aarhus, nach mór teorainn ama dá bhforáiltear le dlí náisiúnta Ballstáit chun imeachtaí a thabhairt ag féachaint le ceart a dhearbhú faoin Treoir sin a bheith intuartha go réasúnta, ach nach gá dó a bheith sonraithe go sainráite i reachtaíocht de bhun Airteagal 11(2) de Threoir 2011/92 agus/nó i bhfaisnéis phraiticiúil a chuirtear ar fáil don phobal maidir le rochtain ar nósanna imeachta athbhreithnithe riaracháin agus bhreithiúnaigh de bhun Airteagal 11(5) de Threoir 2011/92 agus/nó arna gcinneadh go cinntitheach críochnaitheach le cásdlí náisiúnta, ionas nach mbeidh aon tionchar ar fhreagra an dara ceist ag foráil a dhéantar i ndlí náisiúnta Ballstáit maidir le teorainn ama de chineál ginearálta intuartha a bhfuil feidhm aici maidir le caingne dlí phoiblí i gcoitinne lena n-áirítear imeachtaí a thionscnamh mar agóid i gcoinne cinneadh arna ghlacadh faoi Airteagal 16(1) de Threoir 92/43 agus lena n-údaraítear d’fhorbróir maolú a dhéanamh ar na bearta cosanta speiceas is infheidhme chun an tionscadal a chur i gcrích, cé go bhfuil sé sin intuigthe seachas sainráite sa dlí náisiúnta lena mbaineann?

Más freagra dearfach a thugtar ar an gcéad cheist agus má tá an freagra ar an dara ceist dearfach nó má tá freagra diúltach ar an tríú ceist, an bhfuil sé d’éifeacht ag Airteagal 16(1) de Threoir 92/43 nach féidir le húdarás inniúil teacht ar an gconclúid nach bhfuil aon ‘réiteach malartach sásúil’ ann seachas cinneadh lena n-údaraítear d’fhorbróir maolú ó na bearta cosanta speiceas is infheidhme chun tionscadal a chur i gcrích de réir bhrí Airteagal 1(2)(a) de Threoir 2011/92, mura ndéanann an t-údarás sin scrúdú iarbhír ar réitigh mhalartacha amhail suíomh malartach nó dearadh malartach nó diúltú don mhaolú?

Más freagra dearfach a thugtar ar an gcéad cheist agus má tá freagra dearfach ar an dara ceist nó má tá freagra diúltach ar an tríú ceist, an bhfuil sé d’éifeacht ag Airteagal 16(1) de Threoir 92/43 nach féidir le húdarás inniúil teacht ar an gconclúid gur ‘ar mhaithe le fauna agus flora fiáine a chosaint agus gnáthóga nádúrtha a chaomhnú’ atá sé cinneadh a dheonú lena n-údaraítear d’fhorbróir maolú ar na bearta cosanta speiceas is infheidhme d’fhonn tionscadal a chur i gcrích de réir bhrí Airteagal 1(2)(a) de Threoir 2011/92, mura rud é go gcruthaítear cosaint áirithe sainaitheanta leis an maolú féin seachas le bearta maolaithe arna nglacadh chun an dochar a eascraíonn as na céimeanna arna n-údarú leis an maolú a laghdú nó a chúiteamh?

____________

1 Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle na 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe i ndáil leis an gcomhshaol (IO 2012, L 26, lch. 1).

1 Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO 1992, L 206, lch. 7).