Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Wiesbaden (an Ghearmáin) a taisceadh an 2 Feabhra 2022 - AB v Land Hessen

(Cás C-64/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgericht Wiesbaden

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: AB

Cosantóir: Land Hessen

Páirtí uamtha: SCHUFA Holding AG

Na ceisteanna a tharchuirtear

An ceart an tuiscint a bhaint as Airteagal 77(1), i gcomhar le hAirteagal 78(1), de Rialachán (AE) 2016/6791 (RGCS) go bhfuil ag an toradh ar a dtagann an t-údaráis maoirseachta, a chuireann an t-údarás sin in iúl don duine is ábhar do na sonraí,

na tréithe a bhíonn ag cinneadh ar achainí, sa chaoi is go gciallódh sé sin go bhfuil an t-athbhreithniú breithiúnach ar an gcinneadh a dhéanann údarás maoirseachta maidir le gearán faoi Airteagal 78(1) de RGCS teoranta, i bprionsabal, don cheist an bhfuil an t-údarás tar éis déileáil leis an ngearán, fiosrúchán a dhéanamh mar ba chóir maidir le hábhar an ghearáin agus toradh an fhiosrúcháin sin a chur in iúl don ghearánaí,

an chóir an tuiscint a bhaint as gur cinneadh de bhua an tuillteanais arna dhéanamh ag údarás poiblí é, sa chaoi is go gciallódh sé sin gur chóir cinneadh a rinne údarás maoirseachta maidir le gearán faoi Airteagal 78(1) de RGCS a bheith ina ábhar d’athbhreithniú iomlán ag an gcúirt, sa chaoi is go bhféadfadh, i gcás ar leith, mar shampla, i gcás ina bhfuil an discréid laghdaithe go dtí nialas, an t-údarás maoirseachta a bheith faoi oibleagáid freisin ag an gcúirt chun beart sonrach a ghlacadh de réir bhrí Airteagal 58 de RGCS?

I dtaca le sonraí a stóráil i gcuideachta phríobháideach faisnéise creidmheasa, ina stóráiltear sonraí pearsanta a thagann ó chlár poiblí ar nós na “bunachair shonraí náisiúnta” de réir bhrí Airteagal 79(4) agus (5) de Rialachán 2015/848 1 gan chúis shonrach ach chun faisnéis a chur ar fáil i gcás iarrata, an bhfuil sé sin i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh?

a) An gceadaítear, i bprionsabal, bunachair shonraí phríobháideacha (go háirithe bunachair shonraí de chuideachta faisnéise creidmheasa), atá taobh le agus a gcruthaítear i dteannta le bunachair shonraí den Stát agus ina stóráiltear na sonraí sna bunachair shonraí den Stát (sa chás seo, fógraí dócmhainneachta) ar feadh tréimhse níos faide ná an tréimhse dá bhforáiltear laistigh den chreat cúng atá ag Rialachán (AE) 2015/848, agus é sin léite i gcomhar leis an dlí náisiúnta?

b) Más freagra dearfach a gheofar ar Cheist 3 a), an gciallaíonn an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad, faoi Airteagal 17(1)(d) de RGCS, nach mór sonraí den sórt sin a scriosadh i gcás ina bhfuil an tréimhse phróiseála dá bhforáiltear i leith an chláir phoiblí tar éis dul in éag?

A mhéid is go bhfuil Airteagal 6(1)(f) de RGCS i gceist, agus é an t-aon bhunús dlí atá ann maidir le sonraí a stóráil i gcuideachtaí príobháideacha faisnéise creidmheasa i leith sonraí a stóráiltear i gcláir phoiblí freisin, an measfar go bhfuil leas dlisteanach ag cuideachta faisnéise creidmheasa cheana i gcás ina dtógann an chuideachta faisnéise sin sonraí ón eolaire poiblí gan cúis shonrach sa chaoi is go mbeadh na sonraí sin ar fáil i gcas iarrata?

An bhféadfaí, i gcóid iompair atá formheasta ag na húdaráis mhaoirseachta faoi Airteagal 40 de RGCS, agus lena bhforáiltear do teorainneacha ama le haghaidh athbhreithniú agus scriosadh a théann thar tréimhsí coinneála na gclár poiblí, an chothromaíocht leasanna dá bhforáiltear in Airteagal 6(1)(f) de RGCS a chur ar fionraí?

____________

1     Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).

1     Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (IO 2015 L 141, lch. 19).