Iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven kasatsionen sad (an Bhulgáir), arna taisceadh an 8 Márta 2022 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne EV
(Cás C-174/22)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Varhoven kasatsionen sad
Páirtí sna príomhimeachtaí
EV
An cheist a tharchuirtear
An gceadaítear le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 273/20041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena bhforlíontar an fhoráil ghinearálta faoi Airteagal 354a den Nakazatelen kodeks (Cód Coiriúil na Bulgáire), i gcomhar le hAirteagal 3(4) den Zakon za kontrol varhu narkotichnite veshtestva i prekursorite (Dlí na Bulgáire maidir le substaintí támhshuanacha agus réamhtheachtaithe a rialú), gur féidir duine a chiontú as substaint faoi Chatagóir 3 d’Iarscríbhinn 1, eadhon, tolúéin i gcainníocht 2 lítear?
____________
1 Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhaire an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí (IO 2004 L 47, lch. 1).