Language of document :

Caingean arna tabhairt an 13 Bealtaine 2024 – Serana Europe v EUIPO – Cytogen Produkte für Medizin + Forschung (Lymphogrow)

(Cás T-250/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Serana Europe GmbH (Pessin, an Ghearmáin) (ionadaithe: T. Bösling agus I. George, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Cytogen Produkte für Medizin + Forschung GmbH (Greven, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmarc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Lymphogrow‘ – Iarratas Uimh. 18 567 547

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 12 Márta 2024 i gCás R 1707/2023-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta,

an cinneadh atá faoi chonspóid a leasú sa chaoi is go ndiúltaítear do fhreasúra Cytogen Produkte für Medizin + Forschung GmbH in aghaidh an iarratais ar thrádmharc de chuid an Aontais Uimh. 18 567 547 ‘Lymphogrow’ agus go bhforchuirtear costais na n-imeachtaí achomhairc ar an ngearánaí;

mar mhalairt air sin, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(4) i gcomhar le hAirteagal 71 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________