Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 17 Eanáir 2024 ag OA i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) a tugadh an 8 Samhain 2023 i gCás T-39/22, OA v an Pharlaimint

(Cás C-32/24 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: OA (ionadaithe: G. Rossi, F. Regaldo, avvocati)

Páirtí eile sna himeachtaí: Parlaimint na hEorpa

An t-ordú atá á lorg

Iarann a t-achomharcóir ar an gCúirt Ghinearálta:

seasamh leis an achomharc;

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar leataobh; agus dá bhrí sin

an dá Chinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní (ach amháin an chuid den Dara Cinneadh atá faoi chonspóid inar sheas an cosantóir leis an nGearán ar aois inphinsin);

mura ndéanfaidh an Chúirt na Cinntí atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt a ordú don chosantóir chun cúiteamh a íoc ar na damáistí a rinneadh don achomharcóir, sa mhéid a chinnfear de réir foirmle dá dtagraítear faoi mhír 74 den iarratas os comhair na Cúirte Ginearálta, nó in aon mhéid eile a d’fhéadfadh an Chúirt a chinneadh a bheith cóir agus cothrom;

a ordú don chosantóir costais an dá chás a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Rinne an Chúirt Ghinearálta an séú saincheist dlí a rinne an t-iarratasóir a mhíthuiscint go tromchúiseach, ós rud é nár mhaígh an t-iarratasóir gur cheart ‘a phinsean a ríomh tríd an meántuarastal a thuilltear le linn na gairme a chur san áireamh’. I ndáiríre, mhaígh an t-iarratasóir gur cheart an ‘ríomh pro rata 1’ dá bhforáiltear sa tríú mír d’Airteagal 77 den Rialachán Foirne a chur i bhfeidhm.

Agus í á rá nach bhfuil feidhm ag an tríú mír d’Airteagal 77 de na Rialacháin Foirne ach amháin maidir le hoifigigh agus seirbhísigh eile agus ní maidir le cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe, déanann an Chúirt Ghinearálta idirdhealú neamhdhlisteanach i gcoinne na gcúntóirí parlaiminteacha sin.

Tugann an Chúirt Ghinearálta neamhaird go bhfuil mír 3 d’Airteagal 77 de na Rialacháin Foirne infheidhme i gcás luaineachtaí i dtuarastail.

Trí dhéileáil ar an mbealach céanna le cásanna na n-oifigeach, a bhaineann tairbhe as dul chun cinn líneach ina dtuarastail, agus le cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe, nach mbaineann tairbhe as amhlaidh, sáraíonn an Chúirt Ghinearálta prionsabal an neamh-idirdhealaithe.

Trína admháil gur féidir le hInstitiúid de chuid an Aontais Eorpaigh a lua go ndéanfar pinsean baill foirne a ríomh de réir an chritéir pro rata, arna rialú ag dlí an Aontais, agus ina dhiaidh sin go ndéanann sí neamhaird iomlán ar mhodh den sórt sin, baineann sí an bonn go mór ó chur i bhfeidhm phrionsabal na cosanta ar ionchais dhlisteanacha laistigh de dhlí an Aontais Eorpaigh.

____________