Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Ard-Chúirt (Éire) a taisceadh an 8 Aibreán 2022 – Z.K. agus M.S. v an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais

(Cás C-248/22)

Teanga an cháis: an Béarla

An chúirt a rinne an tarchur

An Ard-Chúirt (Éire)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Z.K. agus M.S.

Cosantóir: An tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais

An cheist a tharchuirtear:

An gcuirtear cosc le Treoir 2004/38/CE1 ón gComhairle ar chead cónaithe díorthaithe a thabhairt go comhuaineach do chéile coimhthithe agus do chomhpháirtí buan de facto saoránaigh den Aontas Eorpach a fheidhmíonn go dleathach a cheart chun saorghluaiseachta mar oibrí faoin Treoir?

____________

1 Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO 2004, L 158, lch. 77).