Language of document :

Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 14 Márta 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Curtea de Apel Iaşi - an Rómáin) – Elite Games SRL v Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Vaslui, Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Iaşi

(Cás-576/23 1 , Elite Games)

(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnias – Freagra a d’fhéadfaí a bhaint go soiléir ón gcásdlí – Cánachas – Cáin bhreisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 98 – Iarscríbhinn III, mír 7 – Rogha ag na Ballstáit ráta laghdaithe CBL a chur i bhfeidhm le haghaidh soláthairtí áirithe earraí agus seirbhísí – Cead isteach chuig páirceanna siamsaíochta – Coincheap ‘páirceanna siamsaíochta’)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel Iaşi

Páirtithe dos na príomhimeachtaí

Iarratasóir: Elite Games SRL

Cosantóirí: Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Vaslui, Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Iaşi

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 98(2), de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006, maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, arna léamh i gcomhar le Iarscríbhinn III, mír 7, den treoir sin,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní thagann suiteáil meaisíní siamsaíochta le haghaidh úsáide aonair nó comhchoiteann i limistéar críochaithe laistigh de spásanna tráchtála nó ionaid siopadóireachta, agus ag feidhmiú trí úsáid a bhaint as comharthaí a ceannaíodh óna sealbhóir nó, i gcás inarb iomchuí, tar éis táille a íoc leis an sealbhóir, faoin gcoincheap ‘páirceanna siamsaíochta’, de réir bhrí mhír 7. Dá bhrí sin, ní féidir leis na seirbhísí a thugann rochtain orthu leas a bhaint as an ráta laghdaithe cánach breisluacha atá de rogha ag na Ballstáit a chur i bhfeidhm maidir leis an gceart chun ligean isteach i bpáirceanna siamsaíochta.

____________

1 Dáta taiscthe: 18.9.2023.