Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 18 Eanáir 2024 – ROSAS Logisztikai Kft. v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

(Cás C-33/24, ROSAS)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: ROSAS Logisztikai Kft.

Cosantóir: Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

An cheist a tharchuirtear:

Maidir le hAirteagal 173(3) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, 1 an bhfuil léiriú le déanamh amhail go bhfuil cead ag ionadaí custaim indírigh – a aithnítear ar an gcaoi sin mar thoradh ar earráid ábhartha, agus é ag feidhmiú mar dhearbhóir custaim, dearbhú custaim a cheartú, a taisceadh agus a fíoraíodh cheana féin i ndiaidh na n-earraí i gceist a scaoileadh chun saorchúrsaíochta, ionas go ndéantar ionadaí díreach de tríd an gcód um stádas an ionadaí a athrú?

____________

1 IO 2013 L 269, lch. 1.