Iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšší správní soud (Poblacht na Seice) a taisceadh an 7 Samhain 2023 – M.K. v Ministerstvo zemědělství (an Aireacht Talmhaíochta)
(Cás C-657/23, Ministerstvo zemědělství)
Teanga an cháis: an tSeicis
An chúirt a rinne an tarchur
Nejvyšší správní soud
Páirtithe
Iarratasóir: M. K.
Cosantóir: Ministerstvo zemědělství
An cheist a tharchuirtear
An bhfuil Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 le léiriú sa chaoi go rachaidh údarú an Bhallstáit chun íocaíochtaí neamhdhlite a iarraidh ón tairbhí as feidhm ar dhul in éag don teorainn ama 18 mí atá leagtha síos san fhoráil sin?
____________
1 Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 549).