Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 7 Feabhra 2022 ag Jean-François Jalkh i gcoinne Bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Séú Dlísheomra) a tugadh an 1 Nollaig 2021 i gCás T-230/21, Jalkh v an Pharlaimint

(Cás C-82/22 P)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Jean-François Jalkh (ionadaí : F. Wagner, avocat)

Páirtí eile sna himeachtaí: Parlaimint na hEorpa

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

Breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 1 Nollaig 2021 i gcás T-230/21, Jalkh v an Pharlaimint a chur ar ceal.

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa P9_TA(2021)0092 an 25 Márta 2021 maidir leis an iarraidh ar dhíolúine an iarratasóra a tharscaoileadh [2020/2110 (IMM)] a chur ar ceal.

a ordú do Pharlaimint na hEorpa na costais uile a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil sárú á dhéanamh ar an riail “go gcuirtear imeachtaí riaracháin agus imeachtaí sibhialta ar fionraí sa chás go bhfuil imeachtaí coiriúla sa chás céanna”. De réir an iarratasóra, tá earráid fhollasach mheasúnaithe déanta ag an gCúirt Ghinearálta agus mar thoradh ar sin go bhfuil neamhaird déanta aici ina hanailís ar fhorálacha dlí atá i bhfeidhm san Aontas Eorpach agus i gcásdlí ballstáit de chuid an Aontais, forálacha a d’fhéadfaí agus ba cheart a chur san áireamh i gcás an iarratasóra, chun an nós imeachta um iarraidh ar a dhíolúine a tharscaoileadh a chur ar fionraí agus an gearán a chur san áireamh a taisceadh le breitheamh imscrúdaithe na Bruiséile an 15 Nollaig 2020, i gcoinne X mar chaingean shibhialta as brionnú doiciméad agus úsáid doiciméad bréagach.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh earráid fhollasach mheasúnaithe ar dhlí an Aontais trí neamhaird a dhéanamh ar an sárú a rinne Parlaimint na hEorpa, trína Coiste JURI, ar Airteagal 7 de Theachtaireacht 0011/2019 an 19/11/2019.

De réir an iarratasóra, tá earráid fhollasach mheasúnaithe ar dhlí an Aontais agus a ar a phrionsabail ghinearálta déanta ag an gCúirt Ghinearálta, amhail prionsabal na córa comhionainne agus prionsabal an dea-riaracháin, prionsabail a raibh tábhacht ar leith a bhaint leo sna himeachtaí seo, a mhéid a mhaígh an t-iarratasóir gur cheart breathnú ar an bhfrása “très attentive” a bhí lámhscríofa taobh leis an bhfoirmle cúirtéise clóscríofa ar litir an Aire Dlí agus Cirt an 16 Meitheamh 2020 mar rud a léirigh toilteanas Rialtas na Fraince úsáid a bhaint as na himeachtaí breithiúnacha atá i gceist sa díospóireacht pholaitiúil agus gurbh ionann sin agus fumus persecutionnis.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 9 den Phrótacal ar dhíolúintí. De réir an iarratasóra, d'aithin an Chúirt Ghinearálta go dtagann na fíorais a líomhnaíodh, eadhon an úsáid a bhain Jean-François Jalkh as a bhuiséid maidir leis na costais a bhaineann le cúnamh parlaiminteach, faoin díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Phrótacal, ach nach ndearna sí plé ach amháin ar fhoirmle ghinearálta agus an chaingean á diúltú aici gan na cúiseanna a bhain leis sin a mhíniú.

____________