Eagrán sealadach
TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA
RANTOS
arna tabhairt an 5 Aibreán 2022 (1)
Cás C‑694/20
Orde van Vlaamse Balies,
IG,
Belgian Association of Tax Lawyers,
CD,
JU
v
Vlaamse Regering
(Iarraidh ar réamhrialú ón Grondwettelijk Hof (an Chúirt Bhunreachtúil, an Bheilg))
(Tarchur chun réamhrialú — Comhar riaracháin i réimse an chánachais — Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh — Airteagail 7 agus 47 — Uathmhalartú éigeantach faisnéise i ndáil le socruithe infhógartha trasteorann — Rúndacht ghairmiúil an dlíodóra — Tarscaoileadh na n‑idirghabhálaithe ón oibleagáid tuairiscithe — Iarratas ar mheasúnú bailíochta)
I. Réamhrá
1. Leis an gcás seo, ardaítear an tsaincheist maidir le raon feidhme na cosanta i ndáil le rúndacht ghairmiúil dlíodóirí a ghlacann páirt mar “idirghabhálaithe” i ndearadh scéimeanna cánach agus a n‑oibleagáidí tuairiscithe agus fógartha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2011/16/AE. (2)
2. Baineann an iarraidh ar réamhrialú seo leis an measúnú ar bhailíocht Airteagal 8ab(5) de Threoir 2011/16/AE, arna chur isteach le Treoir 2018/822/AE (3) (“an fhoráil atá faoi chonspóid”), lena bhforchuirtear ar an “dlíodóir idirghabhálaí”, atá ina thairbhí de tharscaoileadh ón oibleagáid tuairiscithe ar an bhforas go bhfuil an rúndacht ghairmiúil á cosaint, fógra a thabhairt d’aon “idirghabhálaí” eile maidir lena oibleagáidí tuairisc a dhéanamh do na húdaráis chánach, i ndáil le hAirteagail 7 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”).
3. Rinne an Grondwettelijk Hof (an Chúirt Bhunreachtúil, an Bheilg) an iarraidh sin i gcomhthéacs iarrataí ar fhoraithne Phléimeannach a chur ar fionraí ina hiomláine nó i bpáirt lena dtrasuitear an fhoráil atá faoi chonspóid agus lena leasaítear an reachtaíocht Fhlóndras maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais, ar iarrataí iad a rinne an Orde van Vlaamse Balies (Comhlachas Barra Fhlóndras, an Bheilg) agus an comhlachas de facto Belgian Association of Tax Lawyers (“na hiarratasóirí”).
II. An dlí lena mbaineann
A. Dlí an Aontais Eorpaigh
4. Le Treoir 2011/16 tionscnaíodh córas comhair idir údaráis chánach náisiúnta na mBallstát agus bunaítear na rialacha agus na nósanna imeachta atá le cur i bhfeidhm agus faisnéis á malartú chun críocha cánach.
5. Le Treoir 2018/822 bunaíodh oibleagáid tuairisc a thabhairt do na húdaráis inniúla maidir le socruithe cánach trasteorann a d’fhéadfadh a bheith ionsaitheach. (4) Leagtar amach sa Treoir sin, in aithrisí 2, 6, 8 agus 18:
“(2) Tá sé ag éirí níos deacra do na Ballstáit a mbonn cánach náisiúnta a chosaint ar chreimeadh mar tá struchtúir pleanála cánach ag éirí níos sofaisticiúla i gcónaí agus is minic a bhaineann siad leas as soghluaisteacht mhéadaithe an chaipitil agus na ndaoine araon laistigh den mhargadh inmheánach. [...] Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go bhfaigheadh údaráis chánach na mBallstát faisnéis chuimsitheach agus ábhartha maidir le socruithe cánach a d’fhéadfadh a bheith ionsaitheach. Chuirfeadh faisnéis den sórt sin ar chumas na n‑údarás sin freagairt go tapa do chleachtais chánach dhíobhálacha agus bearnaí a líonadh trí bhíthin reachtaíochta nó trí anailísí riosca leordhóthanacha agus rialuithe cánach a dhéanamh. [...]
[...]
(6) Féadfaidh tuairisciú na faisnéise faoi shocruithe pleanála cánach trasteorann a d’fhéadfadh a bheith ionsaitheach rannchuidiú go héifeachtach leis na hiarrachtaí chun timpeallacht cánachais chóir a chruthú sa mhargadh inmheánach. Maidir leis sin, ba chéim sa treo ceart é ceangal a chur ar idirghabhálaithe na húdaráis chánach [...] a chur ar an eolas. [...]
[...]
(8) Chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus chun bearnaí sa chreat rialála atá beartaithe a chosc, ba cheart an oibleagáid tuairiscithe a chur ar na gníomhaithe uile a mbíonn baint acu de ghnáth le dearadh, margaíocht, eagrú nó bainistiú cur chun feidhme idirbhirt infhógartha trasteorann nó sraith idirbheart den sórt sin, chomh maith leo siúd a thugann cúnamh nó comhairle. Ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcásanna áirithe, nach mbeadh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe maidir le hidirghabhálaithe de bharr rúndacht ghairmiúil is infheidhme de bhua dlí nó i gcás nach bhfuil idirghabhálaí ann toisc, mar shampla, go ndearann agus go gcuireann an cáiníocóir scéim chun feidhme go hinmheánach. Bheadh sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, sna himthosca sin, nach mbainfear deis na n‑údarás cánach chun faisnéis a fháil faoi shocruithe cánach a d’fhéadfadh baint a bheith acu le pleanáil ionsaitheach cánach. Bheadh sé riachtanach, dá bhrí sin, go mbeadh an oibleagáid tuairiscithe ag an gcáiníocóir a bhaineann tairbhe as an socrú i gcásanna den sórt sin.
[...]
(18) Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear, go háirithe, [sa Chairt].”
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
6. In Airteagal 3 de Threoir 2011/16, dar teideal “Sainmhínithe”, foráiltear, i míreanna 18 go 22, 24 agus 25, arna gcur isteach le hAirteagal 1(1)(b) de Threoir 2018/822:
“18. Ciallaíonn “socrú trasteorann” socrú a bhaineann le roinnt Ballstát nó Ballstát agus tríú tír má chomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:
[...]
19. Ciallaíonn “socrú infhógartha trasteorann” aon socrú trasteorann ina bhfuil ceann amháin ar a laghad de na sainmharcanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.
20. Ciallaíonn “sainmharc” saintréith nó sainiúlacht de chuid socraithe trasteorann lena léirítear riosca a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le seachaint cánach, mar a shainaithnítear in Iarscríbhinn IV.
21. Ciallaíonn “idirghabhálaí” aon duine a dhearann, a mhargaíonn nó a eagraíonn socrú infhógartha trasteorann nó a chuireann é ar fáil lena chur chun feidhme nó a bhainistíonn a chur chun feidhme. Ciallaíonn sé freisin aon duine, ag féachaint do na fíorais agus do na himthosca ábhartha agus bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil agus ar an saineolas ábhartha agus ar an tuiscint is gá chun na seirbhísí sin a sholáthar, arb eol dó nó a d’fhéadfaí a bheith ag súil leis le réasún go mbeadh a fhios aige gur gheall sé go ndéanfadh sé, go díreach nó trí bhíthin daoine eile, cabhair, cúnamh nó comhairle a sholáthar i ndáil le dearadh, margaíocht nó eagraíocht de chuid socraithe infhógartha trasteorann nó maidir lena chur ar fáil chun é a chur chun feidhme nó a chur chun feidhme a bhainistiú. Tá sé de cheart ag aon duine fianaise a sholáthar nach raibh a fhios aige agus nach bhféadfaí a bheith ag súil le réasún go mbeadh a fhios aige go raibh baint aige le socrú infhógartha trasteorann. Chun na críche sin, féadfaidh an duine sin tagairt a dhéanamh do na fíricí agus do na himthosca ábhartha uile agus don fhaisnéis atá ar fáil agus an saineolas agus an tuiscint ábhartha atá aige. Chun a bheith ina idirghabhálaí, comhlíonfaidh duine ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha breise seo a leanas:
a) a bheith cónaitheach chun críocha cánach i mBallstát;
b) buanbhunaíocht a bheith aige i mBallstát trína soláthraítear na seirbhísí i ndáil leis an socrú;
c) a bheith corpraithe i mBallstát nó faoi rialú ag dlí Ballstáit;
d) a bheith cláraithe le comhlachas gairmiúil a bhaineann le seirbhísí dlí, cánachais nó comhairliúcháin i mBallstát.
22. Ciallaíonn “cáiníocóir lena mbaineann” aon duine a gcuirtear socrú infhógartha trasteorann ar fáil dó lena chur chun feidhme, nó atá toilteanach socrú infhógartha trasteorann a chur chun feidhme, nó a rinne an chéad chéim de shocrú den sórt sin a chur chun feidhme.
[...]
24. Ciallaíonn “socrú inmhargaidh”: socrú trasteorann a dheartar, a mhargaítear, atá réidh le cur chun feidhme nó a chuirtear ar fáil lena chur chun feidhme gan gá le hoiriúnú suntasach.
25. Ciallaíonn “socrú saincheaptha” aon socrú trasteorann nach socrú inmhargaidh é.”
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
7. Maidir leis an oibleagáid tuairiscithe agus rúndacht ghairmiúil a agairt, leagtar amach in Airteagal 8ab de Threoir 2011/16, arna chur isteach le hAirteagal 1(2) de Threoir 2018/822:
“1. Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a cheangal ar idirghabhálaithe faisnéis atá ar a gcuid eolais, ina seilbh nó faoina rialú maidir le socruithe infhógartha trasteorann a thabhairt do na húdaráis inniúla laistigh de 30 lá, dar tús:
a) an lá tar éis an socrú infhógartha trasteorann a chur ar fáil lena chur chun feidhme; nó
b) an lá tar éis a bhfuil an socrú infhógartha trasteorann réidh lena chur chun feidhme; nó
c) nuair a bheidh an chéad chéim déanta i gcur chun feidhme an tsocraithe infhógartha trasteorann,
cibé acu is túisce a tharlóidh.
[...]
5. Féadfaidh gach Ballstát na bearta is gá a dhéanamh chun an ceart a thabhairt d’idirghabhálaithe tarscaoileadh ón oibleagáid faisnéis a sholáthar maidir le socrú infhógartha trasteorann i gcás ina mbeadh an oibleagáid tuairiscithe ag teacht salach ar an rúndacht ghairmiúil is infheidhme de bhua dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin. I gcás den sórt sin, déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a cheangal ar na hidirghabhálaithe fógra a thabhairt gan mhoill d’aon idirghabhálaí eile nó, in éagmais idirghabhálaí den sórt sin, don cháiníocóir lena mbaineann faoina oibleagáidí tuairiscithe de bhua mhír 6. Ní fhéadfaidh idirghabhálaithe a bheith i dteideal tarscaoileadh de bhua na chéad fhomhíre ach amháin a mhéid a ghníomhaíonn siad laistigh de theorainneacha an dlí náisiúnta ábhartha lena rialaítear a ngairmeacha.
6. Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás nach bhfuil idirghabhálaí ann nó ina dtugann an t‑idirghabhálaí fógra don cháiníocóir lena mbaineann nó d’idirghabhálaí eile faoi chur i bhfeidhm tarscaoileadh de bhua mhír 5, go mbeidh an oibleagáid faisnéis a thabhairt maidir le socrú infhógartha trasteorann mar fhreagracht an idirghabhálaí eile ar tugadh fógra dó nó, in éagmais idirghabhálaí den sórt sin, don cháiníocóir lena mbaineann.
[...]
9. Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun, i gcás ina bhfuil níos mó ná idirghabhálaí amháin ann, an oibleagáid faisnéis a thabhairt maidir le socrú infhógartha trasteorann a cheangal ar na hidirghabhálaithe uile atá rannpháirteach sa socrú infhógartha trasteorann. Ní tharscaoilfear idirghabhálaí ón oibleagáid faisnéis a thabhairt ach amháin a mhéid atá cruthúnas aige, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go bhfuil an fhaisnéis chéanna dá dtagraítear i mír 14 tugtha cheana ag idirghabhálaí eile.
[...]
14. Áireofar an méid seo a leanas, más infheidhme, san fhaisnéis a bheidh le cur in iúl ag údarás inniúil Ballstáit [d’údaráis inniúla na mBallstát eile go léir] i gcomhréir le mír 13:
a) sainaithint idirghabhálaithe agus cáiníocóirí lena mbaineann, lena n‑áirítear a n‑ainm, a ndáta breithe agus a n‑áit bhreithe (i gcás daoine nádúrtha), a n‑áit chónaithe chun críocha cánach, a TIN agus, más infheidhme, na daoine ar fiontair chomhlachaithe iad don cháiníocóir lena mbaineann;
b) faisnéis mhionsonraithe na sainmharcanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a fhágann nach mór an socrú trasteorann a fhógairt;
c) achoimre ar ábhar an tsocraithe infhógartha trasteorann, lena n‑áirítear tagairt don ainm a dtugtar orthu go coitianta, más infheidhme, agus tuairisc theibí ar na gníomhaíochtaí tráchtála nó na socruithe ábhartha, gan rún tráchtála, tionsclaíoch nó gairmiúil nó próiseas tráchtála a nochtadh dá bharr ná faisnéis a mbeadh a nochtadh contrártha don bheartas poiblí.
[...] ”
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
B. Dlí na Beilge
8. Déanann an decreet betreffende de administratieve samenwerking op het gebied van belastingen (Foraithne maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais) an 21 Meitheamh 2013 (Belgisch Staatsblad an 26 Meitheamh 2013, lch. 40587) (“Foraithne an 21 Meitheamh 2013”) Treoir 2011/16 a thrasuí i Réigiún Fhlóndras (an Bheilg).
9. Leasaíodh an Fhoraithne sin leis an decreet tot wijziging van het decreet van 21 juni 2013, wat betreft de verplichte automatische uitwisseling van inlichtingen op belastinggebied met betrekking tot meldingsplichtige grensoverschrijdende constructies (Foraithne lena leasaítear Foraithne an 21 Meitheamh 2013, maidir le huathmhalartú éigeantach faisnéise i réimse an chánachais i ndáil le socruithe infhógartha trasteorann) an 26 Meitheamh 2020 (Belgisch Staatsblad 3 Iúil 2020, lch. 49170) (“Foraithne an 26 Meitheamh 2020”), lena trasuitear Treoir 2018/822.
10. Rialaítear le Caibidil 2, Roinn 2, Foroinn 2 d’Fhoraithne an 21 Meitheamh 2013 tarchur éigeantach faisnéise, ag na hidirghabhálaithe nó ag na cáiníocóirí lena mbaineann, a bhaineann le socruithe cánach infhógartha trasteorann .
11. In Airteagal 11/6 den Fhoraithne sin, mar a cuireadh isteach le hAirteagal 14 d’ Fhoraithne an 26 Meitheamh 2020, sainítear an gaol idir an oibleagáid tuairiscithe agus an rúndacht ghairmiúil a bhfuil idirghabhálaithe áirithe faoina ceangal. Trasuitear leis Airteagal 8ab(5) agus (6) de Threoir 2011/16. Foráiltear le hAirteagal 11/6(1) d’Fhoraithne an 21 Meitheamh 2013 :
“I gcás ina mbeidh idirghabhálaí faoi cheangal ag rúndacht ghairmiúil, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
1° cuirfidh sé an t‑idirghabhálaí nó na hidirghabhálaithe eile ar an eolas, i scríbhinn agus ar mhodh réasúnaithe, nach féidir leis an oibleagáid tuairiscithe a chomhlíonadh, agus go n‑aistrítear an oibleagáid tuairiscithe sin go huathoibríoch chuig an idirghabhálaí nó na hidirghabhálaithe eile;
2° in éagmais idirghabhálaí eile, cuirfidh sé an cáiníocóir nó na cáiníocóirí lena mbaineann ar an eolas, i scríbhinn agus ar mhodh réasúnaithe, faoina oibleagáid nó a n‑oibleagáid tuairiscithe.
Ní bheidh éifeacht ag an tarscaoileadh ón oibleagáid tuairiscithe ach amháin nuair a bheidh an oibleagáid dá dtagraítear [i bhfomhír 1] comhlíonta ag idirghabhálaí.
[...] ”
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
12. Leagtar amach in Airteagal 11/7 d’Fhoraithne an 21 Meitheamh 2013, arna chur isteach le hAirteagal 15 d’Fhoraithne an 26 Meitheamh 2020, an méid seo a leanas:
“[...] má chuireann an t‑idirghabhálaí an cáiníocóir lena mbaineann nó idirghabhálaí eile ar an eolas faoi tarscaoileadh arna chur i bhfeidhm de bhua [na chéad fhomhíre] d’Airteagal 11/6, beidh an oibleagáid faisnéis a sholáthar maidir le socrú infhógartha trasteorann ag an idirghabhálaí eile ar cuireadh sin in iúl dó nó, in éagmais sin, ag an gcáiníocóir lena mbaineann.”
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
III. An díospóid sna príomhimeachtaí, an cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú agus an nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais
13. Le hiarratais a taisceadh an 31 Lúnasa agus an 1 Deireadh Fómhair 2020, faoi seach, d’iarr na hiarratasóirí ar an gcúirt a rinne an tarchur Foraithne an 26 Meitheamh 2020 a chur ar fionraí agus í a neamhniú ina hiomláine nó i bpáirt.
14. D’ordaigh an chúirt sin go gcuirfear ar fionraí go dtí dáta foilsithe an bhreithiúnais ar na caingne le haghaidh neamhniú, ar an gcéad dul síos, an chéad fhomhír d’Airteagal 11/6(1) d’Fhoraithne an 21 Meitheamh 2013, arna chur isteach le hAirteagal 14 d’Fhoraithne an 26 Meitheamh 2020, ach amháin sa mhéid go bhforchuirtear ar dhlíodóir agus é ag gníomhú mar idirghabhálaí oibleagáid faisnéis a sholáthar d’idirghabhálaí eile nach bhfuil ina chliant dó agus, ar an dara dul síos, Airteagal 11/6(3) d’Fhoraithne an 21 Meitheamh 2013, arna chur isteach le hAirteagal 14 d’Fhoraithne an 26 Meitheamh 2020, ach amháin sa mhéid go bhfhoráiltear leis nach bhféadfaidh an dlíodóir a bheith ag brath ar rúndacht ghairmiúil maidir leis an oibleagáid na socruithe trasteorann indíolta a thuairisciú go tréimhsiúil de réir bhrí Airteagal 11/4 d’Fhoraithne an 21 Meitheamh 2013.
15. Sna himthosca sin, chinn an chúirt a rinne an tarchur bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhair réamhrialú:
“An ndéanfar, le hAirteagal 1(2) de [Threoir 2018/822], an ceart chun triail chóir a fháil atá ráthaithe le hAirteagal 47 den [Chairt] agus an ceart chun measa ar an saol príobháideach a ráthaítear le hAirteagal 7 den [Chairt] a shárú, sa mhéid a fhoráiltear le hAirteagal 8ab(5) nua, arna chur isteach i [dTreoir 2011/16], má ghlacann Ballstát na bearta is gá chun an ceart a thabhairt d’idirghabhálaithe tarscaoileadh ón oibleagáid faisnéis a sholáthar maidir le socrú infhógartha trasteorann i gcás ina mbeadh an oibleagáid tuairiscithe ag teacht salach ar an rúndacht ghairmiúil is infheidhme de bhua dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin, go bhfuil sé d’oibleagáid ar an mBallstát sin a cheangal ar na hidirghabhálaithe sin fógra a thabhairt gan mhoill d’aon idirghabhálaí eile nó, in éagmais idirghabhálaí den sórt sin, don cháiníocóir lena mbaineann faoina oibleagáidí tuairiscithe, sa mhéid is go bhfuil sé d’éifeacht ag an oibleagáid sin go bhfuil ar dhlíodóir atá ag gníomhú mar idirghabhálaí aon fhaisnéis a thagann chuige le linn fheidhmiú phríomhghníomhaíochtaí a ghairme, eadhon, an cliant a chosaint nó feidhmiú a dhéanamh ar a shon sa chúirt nó comhairle dlí a thabhairt, fiú lasmuigh d’aon imeachtaí dlí, a roinnt le hidirghabhálaí eile nach bhfuil ina chliant aige?”
16. Thíolaic na hiarratasóirí, Rialtais na Beilge, na Seice, na Fraince agus na Laitvia, an Coimisiún Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh barúlacha i scríbhinn. Seachas Rialtais na Seice agus na Laitvia, rinne na páirtithe sin aighneachtaí ó bhéal freisin ag an éisteacht, a tionóladh, sa Mhór-Dhlísheomra, an 25 Eanáir 2022.
IV. Anailís
A. Réamhbharúlacha
17. Tá Treoir 2011/16 — ar a dtugtar “DAC6” — mar chuid den chomhrac i gcoinne na pleanála ionsaithí cánach agus tá sí i gcomhréir leis na bearta a rinne an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) ar an leibhéal domhanda chun trédhearcacht chánach a fheabhsú agus chun cleachtais imghabhála agus calaoise cánach a chomhrac.
18. Sa chomhthéacs sin, tá foráil déanta sa Treoir d’uathmhalartú faisnéise maidir le socruithe cánach trasteorann, lena bhforchuirtear oibleagáid tuairiscithe ar idirghabhálaithe cánach chun dearadh nó úsáid socruithe ionsaitheacha pleanála cánach a dhíspreagadh.
19. Maidir leis na socruithe trasteorann atá faoi réir an mhalartaithe faisnéise dá bhforáiltear leis an Treoir sin, déantar iad a shainaithint trí thagairt a dhéanamh do liosta gnéithe sonracha ar a dtugtar “sainmharcanna” a leagtar amach in Iarscríbhinn IV de Threoir 2018/822.
20. Is í an ghné nua a tugadh isteach le Treoir 2018/822 chun an cuspóir maidir leis an gcomhrac i gcoinne na pleanála ionsaithí cánach a bhaint amach ná an oibleagáid atá ar gach idirghabhálaí anois, mar gheall ar an ról lárnach atá acu i ndearadh na socruithe maidir le pleanáil ionsaitheach cánach, arna thabhairt faoi deara go háirithe ag ECFE, tuairisc a dhéanamh do na húdaráis chánach. Ní aistrítear an oibleagáid sin chuig an gcáiníocóir ach amháin i gcás nach bhfuil aon idirghabhálaí den sórt sin ann nó ina bhfuil cosc orthu déanamh amhlaidh. Dá bhrí sin, tugadh isteach oibleagáid tuairiscithe an cháiníocóra mar rogha dheireanach, ós rud é gur mheas reachtóir an Aontais, mar is ceart, i mo thuairimse, nach mbeadh an córas tuairiscithe chomh héifeachtach sin dá ndéanfadh an cáiníocóir féin a chinneadh féin glacadh le “socrú ionsaitheach” a thuairisciú do na húdaráis chánach.
21. Dá bhrí sin, is é idirghníomhaíocht an idirghabhálaí bunchloch an chórais sin agus d’fhéadfadh baol a bheith ann go ndéanfadh aon teorannú ar oibriú an chórais dochar do chroílár na gcuspóirí de chuid Threoir 2011/16. Níor cheart, áfach, go sárófaí cearta bunúsacha a chosnaítear leis an gCairt de thoradh na gcuspóirí sin a bhaint amach. Is gá, dá bhrí sin, scrúdú a dhéanamh an féidir sárú den sórt sin a bheith ina thoradh ar an gcóras a bunaíodh le Treoir 2011/16 agus leis na leasuithe a rinneadh air le Treoir 2018/822.
22. Sula ndéanfar an anailís dlí ar chomhoiriúnacht na forála atá faoi chonspóid le hAirteagail 7 agus 47 den Chairt, measaim go bhfuil sé tábhachtach soiléiriú a dhéanamh ar shaintréithe na hoibleagáide fógartha a fhorchuirtear ar “dhlíodóirí idirghabhálaithe”.
23. Ar an gcéad dul síos, is cosúil go raibh sé ar intinn ag reachtóir an Aontais rúndacht ghairmiúil dlíodóirí a chosaint, ar thaobh amháin, trí tharscaoileadh tuairiscithe a thabhairt dóibh (5) agus, ar an taobh eile, trí ábhar na faisnéise nach mór don dlíodóir idirghabhálaí a thabhairt d’idirghabhálaí tríú páirtí i gcás tarscaoileadh a theorannú. (6) Mar sin féin, ní féidir ach le dlíodóirí a ghníomhaíonn “laistigh de theorainneacha an dlí náisiúnta ábhartha lena rialaítear a ngairmeacha” brath ar rúndacht ghairmiúil agus ní féidir ach tarscaoileadh tuairiscithe a thabhairt dóibh. (7) Dá réir sin, i bprionsabal, ní féidir le dlíodóir atá ag gníomhú lasmuigh den chreat náisiúnta lena rialaítear a ghairm brath ar rúndacht ghairmiúil agus tá an seasamh céanna aige le haon idirghabhálaí eile nach bhfuil tarscaoileadh tuairiscithe aige.
24. Ar an dara dul síos, má tá tarscaoileadh ag an dlíodóir idirghabhálaí, beidh air fógra a thabhairt do na hidirghabhálaithe eile agus iad a chur ar an eolas maidir lena n‑oibleagáidí tuairiscithe. Ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcás nach bhfuil baint ag an aon idirghabhálaí eile leis an socrú trasteorann atá i gceist, nach féidir, go hipitéiseach, leis an bhfógra ón dlíodóir idirghabhálaí faoin tarscaoileadh atá aige i leith an cháiníocóra lena mbaineann, is é sin le rá, a chliant, dochar a dhéanamh don rúndacht ghairmiúil idir an dlíodóir agus a chliant. Ba cheart, dá bhrí sin, san anailís seo a leanas breithniú a dhéanamh ar an oibleagáid atá ar an dlíodóir idirghabhálaí, agus air sin amháin, fógra a thabhairt d’idirghabhálaí eile nach bhfuil ina chliant. (8)
25. Ba cheart a shoiléiriú freisin, i gcás idirghabhálaí eile, go leanann a oibleagáid tuairiscithe go soiléir cheana féin ó Airteagal 8ab(1) de Threoir 2011/16. Fiú i gcás ina bhfuil níos mó ná idirghabhálaí amháin ann, de bhua mhír 9 den Airteagal sin, tá oibleagáid ar gach duine acu an oibleagáid sin a chomhlíonadh, mura gcruthóidh sé go bhfuil an oibleagáid comhlíonta cheana féin ag idirghabhálaí eile. Is é sin le rá, trí idirghabhálaí eile a chur ar an eolas de bhua na forála atá faoi chonspóid, ní chruthaítear oibleagáid tuairiscithe nua don duine atá ar an eolas (idirghabhálaí).
26. Ar an tríú dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara nach sainítear san fhoráil atá faoi chonspóid ar bhealach ar bith an fhoirm nó an bealach ina gcomhlíonfar an oibleagáid fógra a thabhairt ná ábhar beacht na faisnéise atá le tabhairt. Ba leor, san fhaisnéis a sholáthraítear, go ndéanfaí an socrú trasteorann lena mbaineann a shainaithint agus go ndéanfaí meabhrú i leith oibleagáid tuairiscithe an idirghabhálaí eile lena mbaineann.(9)
27. Ar an gceathrú dul síos agus go deireanach, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar thoradh ar a n‑oibleagáidí tuairiscithe féin faoi Airteagal 8ab(1) de Threoir 2011/16, go ndéanfaidh na hidirghabhálaithe tríú páirtí ar tugadh fógra dóibh, arna gcur ar an eolas, mar sin, faoi rannpháirtíocht an dlíodóra agus nach bhfuil faoi cheangal iad féin ag an rúndacht ghairmiúil, an riarachán cánach a chur ar an eolas, ní hamháin go bhfuil ann do shocrú trasteorann agus don cháiníocóir lena mbaineann, ach go bhfuil rannpháirtíocht ag an dlíodóir idirghabhálaí freisin. Maidir leis sin, is léir ón dara fomhír d’Airteagal 8ab(9) agus (14) den Treoir sin go bhfuil sainaithint idirghabhálaithe i measc na faisnéise atá le soláthar chun an oibleagáid tuairiscithe a chomhlíonadh.
B. Comhoiriúnacht na forála atá faoi chonspóid le hAirteagail 7 agus 47 den Chairt
28. Meabhraím go n‑ardaíonn an chúirt a rinne an tarchur an cheist maidir le bailíocht na forála atá faoi chonspóid, ag fiafraí an ndéanfar leis an bhforáil sin neamhaird ar riail na rúndachta gairmiúla do dhlíodóirí a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 47 den Chairt.
29. Maidir leis sin, áitíonn na hiarratasóirí go ndéanfar leis an oibleagáid fógartha, go háirithe maidir le hidirghabhálaithe tríú páirtí, rúndacht ghairmiúil dlíodóirí a shárú agus go bhfuil sí contrártha le hAirteagail 7 agus 47 den Chairt araon. Dá bhrí sin, áitíonn siad gur gné ríthábhachtach de na cearta chun measa ar an saol príobháideach agus chun triail chóir a fháil í rúndacht ghairmiúil dlíodóirí agus nach féidir an caidreamh muiníne is gá idir an cliant agus a dhlíodóir a choimeád ach amháin má tá an ráthaíocht ag an gcliant nach nochtfar an méid a chuirfidh sé i muinín an dlíodóra. Cumhdaítear cheana féin leis an rúndacht sin an fíoras go bhfuiltear i muinín dlíodóra fiú. Dá bhrí sin, ní féidir le dlíodóir aon fhaisnéis maidir le socrú trasteorann a sholáthar do thríú páirtithe ná d’údarás, fiú más tuairim amháin atá i gceist lena idirghabháil.
30. Ar an taobh eile, áitíonn Rialtais na Beilge, na Seice, na Fraince agus na Laitvia, an Coimisiún agus an Chomhairle go bhfuil an oibleagáid fógartha i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 47 den Chairt agus, dá bhrí sin, nach ndéantar leis an bhforáil atá faoi chonspóid an rúndacht ghairmiúil a shárú.
31. Ba mhaith liom a chur in iúl ag an tús go raibh deis ag an gCúirt Bhreithiúnais agus ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine (“ECtHR”) rialú roinnt uaireanta ar raon feidhme rúndacht ghairmiúil an dlíodóra. Dá bhrí sin, d’aithin an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil rúndacht ghairmiúil ar cheann de phrionsabail ghinearálta de dhlí an Aontais atá bunaithe ar na luachanna comhchoiteanna agus ar na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit.(10)
32. Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go ndéantar an riail maidir le rúndacht ghairmiúil idir dlíodóir agus a chliant, de réir chásdlí ECtHR, a ráthú faoi dhó le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, arna shíniú sa Róimh an 4 Samhain 1950 (“ECHR”).(11)
33. Shonraigh an Chúirt Bhreithiúnais freisin, cé go bhfuil raon feidhme agus rialacha mionsonraithe maidir le rúndacht ghairmiúil dlíodóirí faoi rialú ag reachtaíocht náisiúnta gach Ballstáit, nach mór, de bhua Airteagal 52(3) den Chairt agus chásdlí na Cúirte Breithiúnais ar a chur i bhfeidhm, a mheas go bhfuil prionsabal bunúsach na cosanta sin ráthaithe freisin ar bhonn Airteagail 7 agus 47 den Chairt araon.
34. Ina theannta sin, is é is aidhm le hAirteagal 52(3) den Chairt ná an chomhsheasmhacht is gá a áirithiú idir na cearta atá sa Chairt agus na cearta comhfhreagracha a ráthaítear in ECHR, gan dochar a dhéanamh do neamhspleáchas dhlí an Aontais dá bharr sin. Ní mór don Chúirt, dá bhrí sin, lena léirmhíniú ar Airteagail 7 agus 47 den Chairt, leibhéal cosanta lena áirithiú nach ndéantar neamhaird ar a ráthaítear le hAirteagail 6 agus 8 de ECHR, arna léiriú ag ECtHR.(12)
1. An ndéantar dochar d’Airteagal 47 den Chairt leis an bhforáil atá faoi chonspóid?
35. Ba cheart a mheabhrú, ar an gcéad dul síos, go ráthaítear le hAirteagal 47 den Chairt an ceart chun triail chóir a fháil agus go n‑áirítear ann an ceart atá ag gach duine ar sáraíodh a chearta agus a shaoirsí arna ráthú le dlí an Aontais a bheith curtha ar an eolas agus go ndéanfar é a chosaint agus go ndéanfar feidhmiú ar a shon.
36. De réir chásdlí socair na Cúirte, tá gnéithe éagsúla ag baint leis an gceart chun triail chóir a fháil faoi ECHR, lena n‑áirítear, go háirithe, na cearta chun cosaint a fháil, prionsabal chomhionannas na n‑arm, an ceart chun rochtain a fháil ar na cúirteanna agus an ceart chun rochtain a fháil ar dhlíodóir, in ábhair shibhialta agus choiriúla araon.(13)
37. Tá soiléiriú déanta ag an gCúirt ar an ngaol idir rúndacht an chomhfhreagrais idir an dlíodóir agus a chliant, ar thaobh amháin, agus an ceart chun triail chóir a fháil, ar an taobh eile, i gcás ina raibh cosúlachtaí láidre aige leis an gcás seo. Dá bhrí sin, ardaítear leis an gcás Ordre des barreaux francophones et germanophone agus páirtithe eile an tsaincheist maidir le comhoiriúnacht rúndacht an chomhfhreagrais leis an oibleagáid chun comhoibriú leis na húdaráis náisiúnta atá freagrach as an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid.(14) Maidir leis sin, chinn an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil cineál na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na hoibleagáidí tuairiscithe de chineál go dtarlaíonn siad i gcomhthéacs nach mbaineann le himeachtaí breithiúnacha agus, dá bhrí sin, go dtagann na gníomhaíochtaí sin lasmuigh de raon feidhme an ceart chun triail chóir a fháil.(15)
38. Maidir le, go sonrach, rúndacht na malartuithe idir an dlíodóir agus a chliant, ar thaobh amháin, agus na cearta chun cosaint a fháil, ar an taobh eile, leag an Chúirt Bhreithiúnas amach “nach mbeadh an dlíodóir in ann a ról comhairleach, a ról cosanta ná a ról chun feidhmiú ar son a chliant a áirithiú ar bhealach leordhóthanach agus, dá bhrí sin, go mbainfí de chliant na cearta a thugtar dó le hAirteagal 6 de ECHR dá mbeadh oibleagáid ar an dlíodóir, in imeachtaí dlíthiúla nó ina n‑ullmhúcháin, comhoibriú leis na húdaráis phoiblí trí fhaisnéis a fuarthas le linn comhairliúcháin dlí a bhaineann le himeachtaí den sórt sin a thabhairt dóibh”.(16)
39. Ina theannta sin, d’aithin ECtHR, i gcás dlíodóra, go bhféadfadh tionchar a bheith ag sárú ar rúndacht ghairmiúil ar dhea-riaradh an cheartais agus, dá bhrí sin, ar na cearta arna ráthú le hAirteagal 6 de ECHR.(17)
40. Leanann sé ón gcásdlí sin de chuid na Cúirte Breithiúnais agus ECtHR, ar an gcéad dul síos, go dtugtar le tuiscint, de réir sainmhínithe, nasc le himeachtaí dlíthiúla leis an gceart chun triail chóir a fháil agus go bhfuil sé doscartha ó chomhthéacs breithiúnach.
41. Sa chás seo, ba cheart a mheas nach bhfuil nasc den sórt sin cruthaithe. Dá bhrí sin, i gcomhthéacs Threoir 2011/16, ní ghníomhaíonn an t‑idirghabhálaí mar dhlíodóir dá chliant i ndíospóid leis an riarachán cánach. Cé go bhféadfadh sé go mbeadh díospóid leis an riarachán cánach mar thoradh ar chomhairle den sórt sin tráth níos déanaí, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil siad ar fáil “i gcomhthéacs agus chun críocha an ceart chun cosaint a fháil”, de réir bhrí chásdlí na Cúirte Breithiúnais.
42. Ar an dara dul síos, tá sé níos soiléire fós nach bhfuil nasc le himeachtaí dlíthiúla i ndáil leis an bhforáil atá faoi chonspóid, ós rud é go n‑eascraíonn an oibleagáid fógartha, go hipitéiseach, ag céim luath, sula gcuirfear an socrú infhógartha trasteorann chun feidhme agus, dá bhrí sin, tráth nach bhféadfadh, i bprionsabal, aon díospóid leis an riarachán cánach a bheith tagtha chun cinn i ndáil leis an socrú sin.
43. Ina theannta sin, deimhnítear nach bhfuil aon nasc ann le himeachtaí dlíthiúla leis na cuspóirí atá á saothrú le Treoir 2011/16, ar de chineál “coisctheach” go príomha iad. Maidir leis sin, luaitear go soiléir in aithris 2 de Threoir 2018/822 gurb é a bhí i gceist go beacht leis an gcuspóir maidir le faisnéis a mhalartú ná a chur ar chumas na n‑údarás cánach “freagairt go tapa do chleachtais chánach dhíobhálacha agus bearnaí a líonadh trí bhíthin reachtaíochta nó trí anailísí riosca leordhóthanacha agus rialuithe cánach a dhéanamh”.
44. Ar an tríú dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara go mbaineann na hoibleagáidí faisnéise a leagtar síos i dTreoir 2011/16 le gníomhaíocht dlí, ar gníomhaíocht neamhchonspóideach, a priori, í, ar a laghad ag céim thosaigh na ndearbhuithe sin. Dá bhrí sin, tá sé níos soiléire fós nach bhfuil nasc ann le himeachtaí dlíthiúla ná mar a bhí i gcomhthéacs an cháis Ordre des barreaux francophones et germanophone agus páirtithe eile, ós rud é go mbaineann na hoibleagáidí infhógartha anseo le gníomhaíochtaí nach bhfuil ina sárú díreach ar aon dlí is infheidhme, murab ionann agus idirbhearta a bhaineann le sciúradh airgid.
45. I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, táim den tuairim nach féidir, agus fógra á thabhairt d’idirghabhálaithe eile maidir leis an oibleagáid idirghabhálaí tríú páirtí a chur ar an eolas dochar a dhéanamh do na cearta a chosnaítear le hAirteagal 47 den Chairt, ós rud é nach cuid d’imeachtaí dlíthiúla an oibleagáid sin agus, dá bhrí sin, nach dtagann sí faoi raon feidhme na forála sin.(18)
2. An ndéantar dochar d’Airteagal 7 den Chairt leis an bhforáil atá faoi chonspóid?
46. Ba cheart a mheabhrú go bhfreagraíonn na cearta arna ráthú in Airteagal 7 den Chairt do na cearta arna ráthú in Airteagal 8 de ECHR.(19) Sonraítear in Airteagal 7 den Chairt go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfar a shaol príobháideach agus a shaol teaghlaigh, a chónaí agus a chumarsáidí a urramú.
47. Maidir leis sin, is léir ó chásdlí ECtHR go ndéantar rúndacht ghairmiúil dlíodóirí a chosaint go sonrach le hAirteagal 8 de ECHR.(20)
48. Chun críocha Airteagal 7 den Chairt a chur i bhfeidhm, ba cheart a thabhairt faoi deara, dá bhrí sin, nach bhfuil cosaint na rúndachta gairmiúla faoi Airteagal 8 de ECHR teoranta do ghníomhaíochtaí a bhaineann le cliant a chosaint in imeachtaí dlíthiúla, ach go bhfuil gné níos leithne (agus raon feidhme níos leithne) aici sa mhéid is go gcosnaítear léi caidreamh dlíodóra lena chliant lasmuigh de chomhthéacs breithiúnach (d’ainneoin go bhfuil an chosaint sin níos ceangailtí do ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an ról sin).
49. Dá bhrí sin, is é is aidhm le hAirteagal 8 de ECHR ná rúndacht gach comhfhreagras idir daoine aonair a chosaint, sa mhéid is go dtugtar leis cosaint fheabhsaithe do mhalartuithe idir dlíodóirí agus a gcliaint. Ba cheart a shoiléiriú, ina theannta sin, go gcumhdaítear leis an gcosaint sin comhairliúchán dlí freisin, trí a chineál rúndachta a chosaint, ní hamháin maidir lena ábhar (cibé foirm a bheidh i gceist leis) ach gurb ann dó freisin.(21)
50. Ina bhreithiúnas in Michaud, rialaigh ECtHR maidir leis an gcomhréireacht le ECHR atá ag an oibleagáid a bhforchuirtear ar dhlíodóirí gníomhaíochtaí amhrasacha a gcuid cliant a thuairisciú do na húdaráis inniúla i gcomhthéacs reachtaíocht na Fraince lena dtrasuítear Treoir 2005/60/CE.(22)
51. Sa bhreithiúnas sin, thug ECtHR dá aire, “i gcás ina gceanglaítear orthu faisnéis a bhaineann le duine eile atá ina seilbh acu mar thoradh ar na malartuithe a bhí acu leo a sholáthar d’údarás riaracháin, is ionann an oibleagáid atá ar dhlíodóirí amhras a thuairisciú agus cur isteach ar a gceart maidir lena gcomhfhreagras a urramú” agus “cur isteach freisin ar a gceart go ndéanfar ‘a shaol príobháideach’ a urramú, agus tá gníomhaíochtaí gairmiúla nó tráchtála san áireamh leis an gcoincheap sin”.(23)
52. De réir ECtHR, áfach, bhí bonn cirt leis an gcur isteach ar an saol príobháideach ós rud é nach raibh baint ag an oibleagáid amhras a thuairisciú ach amháin maidir le “gníomhaíochtaí i bhfad ón ról cosanta atá curtha de chúram ar dhlíodóirí, cosúil leis na cinn a rinne gairmithe eile faoi réir na hoibleagáide sin”, eadhon, idirbhearta airgeadais nó eastáit réadaigh, (24) agus nach raibh dlíodóirí faoi réir na hoibleagáide sin “i gcás ina bhfuil an ghníomhaíocht i gceist ‘bainteach le himeachtaí breithiúnacha, fiú dá bhfaightear an fhaisnéis atá acu roimh na himeachtaí, lena linn nó ina ndiaidh, lena n-áirítear comhairle a tugadh maidir leis na himeachtaí sin a thionscnamh nó a sheachaint, nó nuair a thugann siad comhairliúcháin dlí, mura rud é gur cuireadh ar fáil é chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí nó leis an eolas go raibh an cliant á lorg chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí”).(25)
53. Is léir ó chásdlí ECtHR nach gcumhdaítear gníomhaíochtaí uile dlíodóra le cosaint na rúndachta gairmiúla faoi Airteagal 8 de ECHR.
54. Dá bhrí sin, ar thaobh amháin, tá gníomhaíochtaí a chumhdaítear go traidisiúnta le ról dlíodóra ann agus a chumhdaítear, dá bhrí sin, le rúndacht ghairmiúil. Dá bhrí sin, féadfaidh dlíodóir a thugann comhairle dá chliant in imeachtaí dlíthiúla nó ina n‑ullmhúcháin brath ar rúndacht ghairmiúil, ar ndóigh. Is amhlaidh atá maidir le dlíodóir a bhfuil a chliant i gcomhairle leis chun comhairle dlí ad hoc a fháil.
55. Ar an taobh eile, tá cásanna ann ina bhféadfaidh dlíodóir gníomhú lasmuigh dá “ghnáthról” maidir le feidhmiú a dhéanamh thar ceann cliaint nó comhairle dlí a thabhairt, ionas go ndéileáiltear leis na gníomhaíochtaí a dhéanann an dlíodóir sin ar an gcaoi chéanna le gníomhaíochtaí gairmithe eile. I gcásanna den sórt sin, ní féidir le cineál na ngníomhaíochtaí sin bonn cirt a thabhairt le cosaint na rúndachta gairmiúla, rud a thagann, mar a mhínítear thuas, faoi fheidhm an-sonrach i sochaí dhaonlathach, is é sin le rá, an dlíodóir a chumasú chun a ról bunúsach a chomhlíonadh, eadhon, daoine aonair a chosaint.
56. Tugaim faoi deara, áfach, nach idirdhealú iomlán é an t‑idirdhealú sin agus go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le deacrachtaí maidir lena chur chun feidhme praiticiúil — mar a léirítear sa chás seo — go háirithe i gcásanna áirithe ina bhfuil ról níos caolchúisí ag an dlíodóir. Maidir leis sin, tugaim do m’aire seasaimh éagsúla na bpáirtithe sa chás seo maidir le ról an dlíodóra mar idirghabhálaí i gcomhthéacs an tsocraithe trasteorann.
57. Ar thaobh amháin, áitíonn na hiarratasóirí gur cheart go mbeadh an dlíodóir in ann brath ar a rúndacht ghairmiúil i gcónaí, beag beann ar chineál a ghníomhaíochtaí mar “idirghabhálaí”, i bhfianaise a stádais mar dhlíodóir amháin. Dá bhrí sin, níl oibleagáid dearbhú a dhéanamh ar an dlíodóir ná oibleagáid choimhdeach fógra faoin tarscaoileadh a thabhairt d’idirghabhálaí tríú páirtí.
58. Os a choinne sin, áitíonn Ballstáit áirithe (agus, go háirithe, Ríocht na Beilge agus Poblacht na Laitvia) nár ghníomhaíocht dlíodóra í gníomhaíocht idirghabhálaí, rud a thugann bonn cirt le hoibleagáid tuairiscithe agus fógartha a fhorchur.
59. Is cosúil go moltar, le léamh ar Threoir 2011/16, i bprionsabal, nach dtagann na seirbhísí arna dtairiscint ag dlíodóir mar idirghabhálaí faoi ghnáthghníomhaíochtaí gairme an dlíodóra, eadhon, cosaint agus meastóireacht dlí. Dá bhrí sin, ní mór a mheas, prima facie, gurb ionann dlíodóir atá ag gníomhú mar idirghabhálaí agus “idirghabhálaithe” eile, agus d’fhéadfadh nach bhfuil rúndacht ghairmiúil ag baint le cuid acu.(26)
60. Dealraíonn sé amhrasach domsa gur ghá go bhfuil dlíodóir — leis féin nó le cúnamh ó ghairmithe eile — a bhunaíonn socrú trasteorann chun é a thairiscint do cháiníocóirí ina dhiaidh sin ag gníomhú i gcomhthéacs a ghairme. Dar liom, is cosúil, go háirithe, go léirítear leis an bhféidearthacht gur tháinig rannpháirtíocht an dlíodóra i ndearadh an tsocraithe sin roimh a mhargaíocht do chliant nach bhfuil an nasc is gá ann idir dlíodóir agus a chliant a thabharfadh bonn cirt le rúndacht ghairmiúil a chosaint.(27)
61. Mar shampla, d’fhéadfadh go rachadh dlíodóir lasmuigh de “theorainneacha na reachtaíochta náisiúnta ábhartha lena rialaítear a ghairm” agus, dá réir sin, go gcaillfeadh sé an tarscaoileadh atá aige ón oibleagáid tuairiscithe agus socruithe trasteorann “indíolta”(28) á ndearadh, a bhfuil ina saintréith acu, murab ionann agus “socruithe saincheaptha”(29), ná gur féidir iad a chur chun feidhme gan gá iad a chur in oiriúint go substaintiúil. Is féidir a shamhlú go ndéanfadh dlíodóir, gan a bheith i dteagmháil comhairliúcháin le cliant, socrú trasteorann indíolta a dhearadh, a dháileann sé ansin, go díreach, ar cháiníocóirí nó trí dháileoir idirghabhálaí. Sa chás sin, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfaidh an dlíodóir sin a bheith ag oibriú lasmuigh de theorainneacha a ghairme mar a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta iad, agus dá thoradh sin go bhfuil sé faoi cheangal ag an oibleagáid tuairiscithe (cosúil le haon idirghabhálaí eile) a luaithe agus a bheidh an socrú sin tugtha chun críche, i gcomhréir le forálacha Airteagal 8ab(1) de Threoir 2011/16.
62. Mar sin féin, gan ach sainmhíniú den sórt sin ar an dlíodóir idirghabhálaí a ghlacadh, thabharfaí neamhaird ar an ról comhairleach a d’fhéadfadh a bheith ag an dlíodóir sin sa mheasúnú dlí ar shocrú trasteorann.
63. Ba mhaith liom a chur in iúl, ina theannta sin, dá mheasfaí nach dtagann gníomhaíocht idirghabhálaí a dhéanann dlíodóir riamh faoi ghníomhaíocht an chomhairliúcháin dlí, go n‑ardófaí an cheist cén fáth ar foráladh le Treoir 2011/16 do rúndacht ghairmiúil dlíodóirí a chosaint le sásra an tarscaoilte dá bhforáiltear san fhoráil atá faoi chonspóid. I mo thuairim, tá dhá phríomhchúis leis an rogha sin ó reachtóir an Aontais.
64. Ar thaobh amháin, ós rud é nach bhfuil an rúndacht ghairmiúil comhchuibhithe ar an leibhéal Eorpach, bhí sé mar aidhm le Treoir 2018/822 aon choinbhleacht le rialacha náisiúnta a sheachaint agus í á áirithiú go n-urramaítear, leis an Treoir sin, na prionsabail bhunúsacha a aithnítear sa Chairt.(30)
65. Ar an taobh eile, tá an t‑idirdhealú idir gníomhaíochtaí dlíodóra atá mar chuid de “ghnáthfheidhmiú a chuid dualgas” agus gníomhaíochtaí nach bhfuil i bhfad óna bheith i gcónaí soiléir sa chleachtas. Mar sin, is léir gur féidir a shamhlú, fiú amháin i gcomhthéacs an tsocraithe trasteorann atá i gceist, go bhféadfadh cliant iarratas a dhéanamh ar a dhlíodóir measúnú a dhéanamh ar an socrú ullmhaithe sin agus, mar thoradh air sin, go n‑iarrfaí air comhairle dlí a sholáthar. I gcás den sórt sin, ba cheart go mbeadh an dlíodóir sin in ann brath go hiomlán ar rúndacht ghairmiúil, ós rud é go gcuireann sé comhairle dlí ar fáil don cháiníocóir lena mbaineann an socrú sin.
66. Tugaim faoi deara, mar shampla, i gcás “socrú saincheaptha”, nach féidir a chur as an áireamh gur féidir le dlíodóir atá ag gníomhú mar “idirghabhálaí” de réir bhrí Threoir 2018/822 idirghníomhaíocht a dhéanamh i gcomhthéacs a ghairme trí chomhairliúchán dlí a thairiscint ar an mbonn céanna, go ginearálta, le haon ghníomhaíocht a dhéanann an dlíodóir a dhearadh nó a bhainistiú dá chliant, bíodh sin conradh nó comhaontú maidir le dlí sibhialta nó tráchtála, socruithe dlí cuideachta nó sóisialta nó straitéis dlí.
67. Measaim, dá bhrí sin, toisc go bhfuil sé deacair a chur as an áireamh, a priori, go bhféadfaí a iarraidh ar an dlíodóir idirghabhálaí comhairle dlí a sholáthar sa sampla thuasluaite, go díolmhaíodh dlíodóir le Treoir 2011/16 ón oibleagáid dearbhú a dhéanamh chun a áirithiú go n-urramaítear rúndacht ghairmiúil i ndáil leis.
68. Leanann sé ón méid sin roimhe seo, fiú mura bhfuil sé soiléir i gcónaí conas idirdhealú a dhéanamh idir gníomhaíochtaí dlíodóra — na gníomhaíochtaí sin a bheith casta ó am go chéile agus doroinnte — go ndealraíonn sé dom gur féidir idirdhealú a dhéanamh idir na cásanna inar cheart go mbeadh an dlíodóir atá ag gníomhú “mar dhlíodóir” in ann brath ar rúndacht ghairmiúil agus, dá bhrí sin, tairbhe a bhaint as tarscaoileadh tuairiscithe agus na cásanna nach ann don chosaint sin. Ba cheart a áirithiú, ar thaobh amháin, nach bhfuil an sainmhíniú a úsáidtear le haghaidh rúndacht ghairmiúil róleathan sa chaoi is go gcumhdaítear leis gníomhaíochtaí dlíodóra idirghabhálaí a théann i bhfad thar na cúraimí sonracha ionadaíochta agus comhairle trí é a tharscaoileadh ó oibleagáidí dearbhaithe áirithe, cé go ndéanann sé an ghníomhaíocht chéanna le hidirghabhálaithe i ngairmeacha eile. Ar an taobh eile, tríd an sainmhíniú sin a shrianadh ar bhealach díréireach, d’fhéadfadh baol a bheith ann maidir le cur isteach doghlactha ar an gcaidreamh idir an dlíodóir agus a chliant.
69. Maidir leis sin, tá sé an-tábhachtach an t‑idirdhealú sin a dhéanamh i gcomhthéacs chur i bhfeidhm Threoir 2018/822 chun an chothromaíocht a chosaint idir, ar thaobh amháin, an ceanglas rúndacht ghairmiúil an dlíodóra a chosaint, ar ceanglas é a bhfuil áit speisialta aige in aon Stát faoi rialú ag an smacht reachta agus, ar an taobh eile, an cuspóir maidir leis an gcomhrac i gcoinne na pleanála ionsaithí cánach, ar ceann de na príomhuirlisí é chun creimeadh na mbonn cánach a chosc.
70. Dá bhrí sin, cé gur faoin gcúirt náisiúnta go príomha atá sé an t‑idirdhealú sin a dhéanamh, i bhfianaise go háirithe nach bhfuil rúndacht ghairmiúil comhchuibhithe ar an leibhéal Eorpach, ní mór don chúirt sin na tosca thuasluaite a chur san áireamh.
(a) Comhoiriúnacht na hoibleagáide fógartha a leagtar síos san fhoráil atá faoi chonspóid le hAirteagal 7 den Chairt
71. I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, ba cheart scrúdú a dhéanamh an bhfuil an fhoráil atá faoi chonspóid ag luí le hAirteagal 7 den Chairt.
72. Maidir leis an bhforáil atá faoi chonspóid, ba cheart a mheabhrú go n‑éilítear — i gcás ina bhfuil tarscaoileadh a chliant ag dlíodóir idirghabhálaí — ar an dlíodóir sin fógra a thabhairt d’idirghabhálaithe eile maidir le hoibleagáidí tuairiscithe an dlíodóra sin de bhua Airteagal 8ab(6) de Threoir 2011/16. Áirítear leis an oibleagáid fógartha, dá bhrí sin, ipso facto, mar aon leis an socrú trasteorann lena mbaineann a shainaithint agus lena n‑oibleagáidí tuairiscithe féin a chur i gcuimhne do na hidirghabhálaithe tríú páirtí sin, an dlíodóir a thugann fógra a shainaithint.
73. Ba mhaith liom a chur in iúl, ar an gcéad dul síos, nach féidir feidhm a bheith leis an bhforáil atá faoi chonspóid ach amháin sa chás ina bhfuil aithne ag an dlíodóir idirghabhálaí agus ag an idirghabhálaí tríú páirtí ar a chéile mar thoradh ar a gcomhrannpháirtíocht sa socrú trasteorann.
74. Dá bhrí sin, ní bhaineann an oibleagáid fógra a thabhairt d’idirghabhálaithe eile i gcás nach bhfuil an dlíodóir idirghabhálaí ar an eolas faoi rannpháirtíocht idirghabhálaí eile sa socrú trasteorann más rud é, mar shampla, gur lorg an cáiníocóir comhairle ó idirghabhálaithe éagsúla ar leithligh. Tar éis an tsaoil, mura raibh an duine a chomhlíonann an oibleagáid faisnéise ar an eolas faoin idirghabhálaí eile, ní fhéadfadh sé, in imthosca ar bith, an méid sin a chur in iúl dó. Dá bhrí sin, níl sé d’oibleagáid ar an dlíodóir idirghabhálaí a chomhlíonann an oibleagáid faisnéise cuardach a dhéanamh le haghaidh idirghabhálaithe an tsocraithe atá i gceist nach bhfuil sé ar an eolas fúthu. I gcás den sórt sin, beidh air fógra a thabhairt don cháiníocóir lena mbaineann, eadhon, a chliant, lena n‑aistreofar an oibleagáid tuairiscithe, agus níl fadhb ar bith ag baint leis sin ó thaobh rúndacht ghairmiúil de.
75. Ar an dara dul síos, meabhraím, ar mhaithe le rúndacht ghairmiúil a chosaint, go gcuirtear srian suntasach, le Treoir 2011/16, ar ábhar na faisnéise nach mór don dlíodóir idirghabhálaí a tharchur chuig an idirghabhálaí eile i gcás tarscaoilte. Dá bhrí sin, tá an fhaisnéis sin teoranta don tarscaoileadh atá ag an dlíodóir idirghabhálaí a thuairisciú agus don oibleagáid tuairiscithe, ar oibleagáid í atá, dá bhrí sin, ar an idirghabhálaí eile sin. Ní bhaineann an oibleagáid fógartha a leagtar síos san fhoráil atá faoi chonspóid le nochtadh faisnéise a bhaineann leis an ábhar, le hanailís dlí an dlíodóra nó leis na cumarsáidí a d’fhéadfadh a bheith ag an dlíodóir lena chliant.(31)
76. Ar an tríú dul síos, tugaim faoi deara, mar shampla, go bhféadfadh, le comhaontú an cháiníocóra lena mbaineann (nó fiú faoina chomhordú), na hidirghabhálaithe go léir a bhfuil baint acu le dearadh socraithe trasteorann a bheith comh-rannpháirteach i ngach céim d’eagraíocht an tsocraithe, ag tabhairt aghaidh freisin ar an tsaincheist maidir le tuairisciú a dhéanamh do na húdaráis chánach agus a n‑oibleagáidí faoi seach.(32) Ní féidir a chur as an áireamh ach an oiread go bhfuil idirghabhálaí, atá faoi oibleagáid tuairiscithe in aon chás, tar éis teacht ar an gconclúid (cheana) go bhfuil an socrú atá i gceist infhógartha sula gcuirfidh an dlíodóir (lena bhfuil an socrú curtha i bhfeidhm i gcomhpháirt) é ar an eolas faoin tarscaoileadh agus a oibleagáid tuairiscithe a chur i gcuimhne dó. Tar éis an tsaoil, liostaítear na critéir lena spreagtar an oibleagáid tuairiscithe i dTreoir 2011/16, ionas go mbeidh idirghabhálaí ar bith eile agus fiú an cáiníocóir féin in ann socrú cánach infhógartha a “aithint”. Sna cásanna seo — agus faoi réir rialacha náisiúnta lena rialaítear rúndacht ghairmiúil an dlíodóra — d’fhéadfaí glacadh leis nach ndéantar an rúndacht ghairmiúil a shárú.(33) Sa chaoi sin, tá an fhaisnéis nach mór don dlíodóir idirghabhálaí a chur in iúl don idirghabhálaí tríú páirtí teoranta don tarscaoileadh atá aige agus don chomhad atá i gceist a shainaithint.(34)
77. I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, táim den tuairim, prima facie, nach dócha go ndéanfadh an fhoráil atá faoi chonspóid dochar do na cearta a chosnaítear le hAirteagal 7 den Chairt, ós rud é gur tugadh an fhaisnéis a tharchuir an dlíodóir chuig an idirghabhálaí tríú páirtí, lena n-áirítear ainm an dlíodóra, ar aird don idirghabhálaí tríú páirtí sin cheana féin.
78. Is amhlaidh fós nach féidir a chur as an áireamh, i gcásanna áirithe — fiú má tá aithne ag an dlíodóir idirghabhálaí agus an tríú páirtí idirghabhálaí ar a chéile — go bhfhéadfadh cur isteach ar an gceart chun measa ar an saol príobháideach a bheith mar thoradh air sin.
79. Ar an gcéad dul síos, ba cheart a mheabhrú go gcosnaítear le hAirteagal 8 de ECHR comhairle dlí, ní hamháin ó thaobh ábhair de, ach go bhfuil ann dó freisin.(35) Éilítear le rúndacht ghairmiúil an dlíodóra, atá bunaithe ar an gcaidreamh muiníne idir an dlíodóir agus a chliant, ar an dlíodóir gan a nochtadh d’aon duine go bhfuil an caidreamh sin ann, ná bac ábhar a gcumarsáidí (mura n‑aontaíonn an cliant go sainráite).(36)
80. Dá bhrí sin, i gcás ina dtarscaoiltear an dlíodóir ón oibleagáid tuairiscithe atá ar idirghabhálaithe, leanann sé go nádúrtha ón gcaidreamh muiníne atá aige lena chliant agus ón dualgas rúndachta nach mór a fhorchur air gur cheart go mbeadh sé in ann an cliant a chur ar an eolas go príomha. Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin gurb ionann an fógra a thugtar don chliant maidir le hoibleagáidí dlíthiúla atá ar an dlíodóir agus oibleagáid ghairmiúil an dlíodóra, rud a d’fhéadfadh a bheith ina bhaol i leith a dhliteanas ghairmiúil i gcás nach n‑urramaítear an oibleagáid sin.
81. Ar an dara dul síos, meabhraím go gclúdaítear le rúndacht ghairmiúil ní hamháin an chumarsáid idir cliant agus a dhlíodóir, ach freisin an chomhairle dlí a thugann an dlíodóir. Mar sin, fiú ag glacadh leis go bhfuil aithne ag an dlíodóir agus ag an idirghabhálaí tríú páirtí ar a chéile — mar gheall ar a gcomh-rannpháirtíocht sa socrú atá i gceist — is amhlaidh go roinneann an dlíodóir, trí tharscaoileadh an idirghabhálaithe tríú páirtí a chur in iúl dó, leis an idirghabhálaí tríú páirtí a mheasúnú go bhfuil na saintréithe (“sainmharcanna”) a liostaítear in Iarscríbhinn IV de Threoir 2018/822 sa socrú atá i gceist agus nach mór fógra a thabhairt ina leith, dá bhrí sin, mar “shocrú trasteorann”. Is mar thoradh ar anailís fhíorasach agus dhlíthiúil atá an measúnú sin, agus is é sin buntréith chomhairle an dlíodóra. Dá réir sin, tá sé faoi chosaint ag rúndacht ghairmiúil agus níor cheart don dlíodóir é a chur in iúl ach dá chliant amháin.
82. Ar an tríú dul síos, tugaim faoi deara gur dócha nach mbeidh an cás a scrúdaíodh i mír 76 den Tuairim seo inaistrithe i ngach cás, fiú má tá aithne ag an dlíodóir agus ag an idirghabhálaí tríú páirtí (nó na hidirghabhálaithe tríú páirtí) ar a chéile mar thoradh ar a rannpháirtíocht i ndearadh an tsocraithe trasteorann chéanna. Is amhlaidh a bheidh go háirithe i gcás ina mbeidh baint ag go leor idirghabhálaithe ag céimeanna éagsúla de dhearadh an tsocraithe atá i gceist agus ina n‑athraíonn rannpháirtíocht na n‑idirghabhálaithe éagsúla sin sa socrú trasteorann de réir a ról faoi seach.(37)
83. Dá réir sin, cé go bhfuil sé mar aidhm le Treoir 2011/16 sárú ar rúndacht ghairmiúil a theorannú, is amhlaidh i gcónaí go bhféadfaí a mheas gurb ann do shárú den sórt sin i gcásanna áirithe.
(b) An bonn cirt atá leis an bhforáil atá faoi chonspóid
84. De réir chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, ní sainchumais absalóideacha iad cearta bunúsacha, agus d’fhéadfadh siad a bheith faoi réir srianta, ar choinníoll go bhfreagraíonn na srianta go héifeachtach do chuspóirí leasa ghinearálta atá á saothrú leis an mbeart atá i gceist agus nach bhfuil baint acu, maidir leis an aidhm atá á saothrú, le cur isteach díréireach agus doghlactha, lena ndéantar dochar do shubstaint na gceart arna ráthú.(38)
85. Ba cheart, dá bhrí sin, scrúdú a dhéanamh an bhforáiltear le dlí don oibleagáid fógartha atá i gceist, an bhfuil cuspóir leasa ghinearálta atá aitheanta ag an Aontas á shaothrú léi, an bhfuil sé riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach agus an gcomhlíontar prionsabal na comhréireachta léi.
86. Ar an gcéad dul síos, foráiltear go sainráite sa dlí d’fhógra ón dlíodóir idirghabhálaí maidir leis an tarscaoileadh tuairiscithe atá aige d’idirghabhálaí eile a bhí rannpháirteach sa socrú trasteorann céanna, eadhon, sa chás seo, an fhoráil atá faoi chonspóid.
87. Measaim, maidir leis sin, go leagtar síos oibleagáid fógartha trí fhoráil atá sách soiléir agus beacht.(39)
88. Ar an dara dul síos, is é an leas pobail atá á shaothrú le dlí an Aontais sa chás seo an comhrac i gcoinne na pleanála ionsaithí cánach, atá faoi réir comhar cánach idirnáisiúnta, atá le feiceáil i bhfoirm malartú faisnéise idir na Ballstáit.
89. Meabhraím, maidir leis sin, gur cásdlí socair é gur cuspóir leasa ghinearálta atá aitheanta ag an Aontas é cosc a chur ar riosca imghabhála cánach agus calaoise cánach.(40) Is amhlaidh atá leis an gcomhrac i gcoinne socruithe éagóracha, nuair is é bunaidhm na n‑idirbheart atá i gceist buntáiste cánach a aimsiú.(41)
90. Ina theannta sin, d’aithin an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil “an gá an dáileadh cothrom idir na Ballstáit den chumhacht cáin a ghearradh a chosaint” ina fhoras a d’fhéadfadh bonn cirt a thabhairt do theorainneacha, go háirithe i gcás ina bhfuil sé d’aidhm ag na bearta náisiúnta atá i gceist “iompar a chosc a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do cheart Ballstáit a chumhachtaí cánachais a fheidhmiú i ndáil le gníomhaíochtaí a dhéantar ar a chríoch”.(42)
91. Maidir leis sin, cé nach saothraítear go sainráite le Treoir 2018/822 an cuspóir maidir leis an gcomhrac i gcoinne calaoise cánach “mar ghníomhaíocht neamhdhleathach”, is léir ó aithrisí 2, 4, 8 agus 9 de go bhfuil sé d’aidhm leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an Treoir ar idirghabhálaithe an bonn cánach náisiúnta a chosaint ar chreimeadh trí fhaireachán a dhéanamh ar “shocruithe maidir le pleanáil cánach a d’fhéadfadh a bheith ionsaitheach”. Dá bhrí sin, is é is aidhm don oibleagáid tuairiscithe dá bhforáiltear, ar thaobh amháin, oiriúnú tapa na rialachán cánach do chleachtais chánach atá go hiomlán dlíthiúil ach ionsaitheach a éascú agus, ar an taobh eile, agus i gcomhar leis an méid sin, dearadh na socruithe sin a dhíspreagadh sa deireadh.(43)
92. Cé go bhféadfadh, i mo thuairim, bonn cirt a bheith le cur isteach ar an gceart chun measa ar an saol príobháideach i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú le Treoir 2018/822, is amhlaidh fós nach mór don chur isteach sin a bheith riachtanach agus comhréireach.
93. Ba cheart, dá bhrí sin, ar an tríú dul síos, scrúdú a dhéanamh an bhfuil gá leis an oibleagáid fógartha chun an cuspóir maidir leis an gcomhrac i gcoinne na pleanála ionsaithí cánach a bhaint amach agus an gcomhlíontar prionsabal na comhréireachta.
94. Maidir leis sin, ba cheart a mheabhrú, ar an gcéad dul síos, gur mheas reachtóir an Aontais nach mór raon feidhme na hoibleagáide fógartha a theorannú go dtí íosmhéid docht trí ráthaíochtaí a bhunú maidir le rúndacht ghairmiúil.
95. Mar sin, ar thaobh amháin, níl an fhoráil atá faoi chonspóid infheidhme ach amháin i gcásanna sonracha áirithe, eadhon, iad siúd ina gcomhoibríonn na hidirghabhálaithe tríú páirtí , i ndáiríre, leis an dlíodóir idirghabhálaí agus sin le toiliú an chliaint cáiníocóra.(44) Ar an taobh eile, tá sárú ar rúndacht ghairmiúil an dlíodóra teoranta tuilleadh ag raon feidhme agus ábhar na faisnéise a bhfuil sé d’oibleagáid ar an dlíodóir idirghabhálaí a chur in iúl don idirghabhálaí tríú páirtí, atá — den chuid is mó — ar eolas cheana féin ag an idirghabhálaí tríú páirtí.(45)
96. Ar an dara dul síos, leis an bhforáil atá faoi chonspóid, is féidir, i mo thuairim, éifeachtacht an chórais chun socruithe trasteorann a thuairisciú d’údaráis chánach a áirithiú. D’ainneoin go bhfuil idirghabhálaithe tríú páirtí, beag beann ar aon fhógra ón dlíodóir idirghabhálaí, faoi réir oibleagáid tuairiscithe do na húdaráis chánach, de bhua Airteagal 8ab(1) de Threoir 2011/16, is féidir a áirithiú leis an oibleagáid fógartha a leagtar síos san fhoráil atá faoi chonspóid go bhfaighidh na húdaráis chánach an fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar an socrú trasteorann. Is é sin le rá, leis an sásra sin, is féidir, ar thaobh amháin, “feasacht a mhúscailt” i measc idirghabhálaithe eile maidir leis an dualgas atá orthu a n-oibleagáid tuairiscithe a chomhlíonadh agus, ar an taobh eile, a áirithiú go dtuairisceofar socruithe trasteorann nach ndéanfaí a thuairisciú b’fhéidir.
97. Táim den tuairim freisin, chun gur féidir measúnú iomlán a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na forála atá faoi chonspóid le hAirteagal 7 den Chairt, nach mór an oibleagáid choimhdeach atá ar an idirghabhálaí tríú páirtí ainm an dlíodóra idirghabhálaí a chur in iúl do na húdaráis chánach a chur san áireamh.
3. An sárú ar Airteagal 7 den Chairt é ainm an dlíodóra idirghabhálaí, atá faoi chosaint ag rúndacht ghairmiúil, a nochtadh do na húdaráis chánach i gcomhthéacs oibleagáid tuairiscithe na n‑idirghabhálaithe agus na gcáiníocóirí?
98. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach mbaineann an t‑amhras a chuir an chúirt a tharchuir an cheist in iúl maidir le comhoiriúnacht Threoir 2011/16 leis an gCairt ach leis an bhforáil atá faoi chonspóid agus ní leis an nós imeachta i ndáil le faisnéis maidir leis an socrú trasteorann a fhógairt (ag céim níos déanaí) do na húdaráis chánach. Measaim, áfach, ó thaobh Airteagal 7 den Chairt de, go bhfuil an cheist maidir le nochtadh ainm dlíodóra idirghabhálaí atá ag brath ar rúndacht ghairmiúil chomh hábhartha céanna.
99. Meabhraím gur mheas ECtHR gurb ionann ceangal a chur ar dhlíodóir faisnéis a bhaineann le duine eile atá ina sheilbh aige mar thoradh ar mhalartuithe leis an duine sin a sholáthar d’údarás riaracháin agus cur isteach ar a cheart chun meas ar a saol príobháideach.(46)
100. Sa chás seo, fiú má tá tarscaoileadh ag an dlíodóir ó fhógra a thabhairt do na húdaráis chánach, nochtfaidh an cáiníocóir féin nó idirghabhálaí tríú páirtí do na húdaráis chánach gurb ann do chumarsáid lena chliant inchánach (agus, dá bhrí sin, ainm an dlíodóra).
101. Meabhraím, mar thoradh ar a n-oibleagáidí tuairiscithe féin faoi Airteagal 8ab(1) de Threoir 2011/16, go ndéanfaidh na hidirghabhálaithe tríú páirtí ar tugadh fógra dóibh agus a bhfuil, dá bhrí sin, ar an eolas faoi rannpháirtíocht an dlíodóra agus nach bhfuil iad féin faoi cheangal ag rúndacht ghairmiúil, an riarachán cánach a chur ar an eolas, ní hamháin maidir leis an socrú trasteorann a bheith ann agus maidir leis an gcáiníocóir lena mbaineann, ach freisin maidir le rannpháirtíocht an dlíodóra idirghabhálaí. Maidir leis sin, is léir ón dara fomhír d’Airteagal 8ab(9) agus (14) den Treoir sin go bhfuil sainaithint idirghabhálaithe i measc na faisnéise atá le soláthar chun an oibleagáid tuairiscithe a chomhlíonadh.
102. Measaim, dá bhrí sin, go ndéantar leis an bhforáil atá faoi chonspóid dochar don chosaint fheabhsaithe ar mhalartuithe idir dlíodóirí agus a gcliaint a ráthaítear le hAirteagal 8 de ECHR. Ba cheart, dá bhrí sin, scrúdú a dhéanamh an bhforáiltear le dlí don oibleagáid fógartha atá i gceist, an bhfuil cuspóir leasa ghinearálta atá aitheanta ag an Aontas á shaothrú aici, an bhfuil sé riachtanach don chuspóir sin a bhaint amach agus an gcomhlíontar prionsabal na comhréireachta.
103. Maidir leis an gcéad dá chritéar atá le cur san áireamh, tagraím don anailís roimhe seo maidir leis an bhforáil atá faoi chonspóid, a bhfuil feidhm aici mutatis mutandis maidir leis an dara fomhír d’Airteagal 8ab(9) agus (14) de Threoir 2011/16.(47)
104. Dá bhrí sin, ní bhaineann an anailís seo a leanas ach leis an gceist an bhfuil nó nach bhfuil gá le haistriú ainm an dlíodóra chuig na húdaráis chánach ag idirghabhálaí tríú páirtí nó ag an gcáiníocóir chun an cuspóir maidir leis an gcomhrac i gcoinne na pleanála ionsaithí cánach a bhaint amach agus an gcomhlíontar prionsabal na comhréireachta.
105. Ba cheart a thabhairt faoi deara, ar bhonn na faisnéise a fuarthas, go bhfuil na heilimintí uile is gá ag na húdaráis chánach chun measúnú a dhéanamh ar na socruithe trasteorann atá i gceist. Dá bhrí sin, ní thugtar aon fhaisnéis shubstainteach dóibh i dtaca leis an socrú atá faoi chonspóid trí ainm an dlíodóra a fháil.
106. Ina theannta sin, de bhua a gcumhachtaí fíoraithe agus rialaithe, beidh na húdaráis chánach in ann iarraidh a dhéanamh ar an bhfaisnéis fhorlíontach ar fad (sa bhreis ar an bhfaisnéis a fuarthas cheana sa tuairisc), ón gcáiníocóir féin nó ó idirghabhálaithe nach bhfuil faoi réir rúndacht ghairmiúil.
107. Ní gá go mbeadh eolas acu ar chéannacht an dlíodóra idirghabhálaí, ós rud é, mar a luaitear, ina theannta sin, i dTreoir 2011/16 í féin, go ndíolmhaítear é leis an rúndacht ghairmiúil ón oibleagáid tuairiscithe maidir leis an socrú trasteorann. Is é sin le rá, bheadh coimhlint idir aon iarraidh ar fhaisnéis ón riarachán cánach atá dírithe ar an dlíodóir idirghabhálaí agus an rúndacht ghairmiúil (mura n-údaraíonn an cliant don dlíodóir freagra a thabhairt) agus ní fhéadfaí í a dhíriú go héifeachtach ach ar an gcáiníocóir nó, b’fhéidir, ar idirghabhálaithe eile nach bhfuil faoi réir rúndacht ghairmiúil.
108. Ag an éisteacht, d’áitigh Ballstát áirithe agus an Coimisiún go mbeadh bonn cirt le fógra a thabhairt do na húdaráis chánach maidir le hainm an dlíodóra mar gheall ar an ngá go n‑áiritheofaí rialú éifeachtach ar idirghabhálaithe a bhfuil baint acu le socruithe trasteorann. Maidir le dlíodóirí, tá sé d’aidhm leis an mbeart sin a fhíorú ar chomhlíon dlíodóir a chuid oibleagáidí faoi Threoir 2018/822 agus an ndearnadh an rúndacht ghairmiúil a agairt i gceart.
109. Cé go bhfuil sé d’aidhm le Treoir 2018/822 a áirithiú, mar gheall ar an ról lárnach atá acu maidir le socruithe trasteorann a eagrú, go gceanglaítear ar idirghabhálaithe an fhaisnéis is gá a thabhairt do na húdaráis chánach, is é an phríomhaidhm atá leis an Treoir, mar sin féin, ná an comhrac i gcoinne cleachtais maidir le pleanáil ionsaitheach chánach.
110. Tá an cuspóir sin bunaithe ar an bhféidearthacht atá ann anois d’údaráis chánach chun an fhaisnéis is gá a fháil chun gur féidir leo measúnú a dhéanamh ar shocruithe trasteorann, chun sonraí den sórt sin a mhalartú idir na Ballstáit agus chun a ndlíthe cánach a oiriúnú dá réir. Maidir leis an gcuspóir sin, a chomhlíontar tráth a bhfaightear an fhaisnéis sin — is cuma cé acu idirghabhálaí nó cáiníocóir a tharchuir an fhaisnéis sin — níl gá le heolas faoi ainm an dlíodóra lena mbaineann nuair a agraíonn sé rúndacht ghairmiúil agus níl gá a rialú an raibh an dlíodóir sin i dteideal brath ar a rúndacht ghairmiúil.
111. Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil sé d’aidhm ag Treoir 2018/822 freisin rúndacht ghairmiúil dlíodóirí agus na prionsabail ghinearálta a leagtar amach sa Chairt a chosaint.(48) Trí oibleagáid a chur ar idirghabhálaithe tríú páirtí agus ar an gcáiníocóir ainm an dlíodóra a sholáthar, rachadh an beart sin in aghaidh an chuspóra sin.
112. Bheadh sé paradacsúil, dá bhrí sin, rúndacht ghairmiúil an dlíodóra a aithint agus tarscaoileadh tuairiscithe a thabhairt dó ar an mbonn sin agus, ina dhiaidh sin, dochar a dhéanamh don cheart sin trína fhoráil, mar thoradh indíreach ar an oibleagáid atá ar an idirghabhálaí tríú páirtí (agus ar an gcáiníocóir), go gcuirfear a ainm in iúl do na húdaráis chánach. Ina theannta sin, ní luaitear go sainráite in aon fhoráil de Threoir 2018/822 go bhfuil sé i gceist a fhíorú an raibh an dlíodóir i dteideal rúndacht ghairmiúil.
113. Measaim, dá bhrí sin, cé nach féidir a chur as an áireamh, de bhua dlí náisiúnta (agus faoi na rialacha eiticiúla is infheidhme maidir le dlíodóirí), go bhféadfaidh Ballstát, go deimhin, fíorú den sórt sin a dhéanamh — mar shampla i gcás amhrais go raibh dlíodóir rannpháirteach i ngníomhaíocht chalaoiseach — nach bhfuil aon bhunús dlí leis sin i dTreoir 2018/822.
114. Measaim, dá bhrí sin, i gcomhthéacs chur i bhfeidhm Airteagal 8ab(9) de Threoir 2011/16, nach mór go mbeadh an t-idirghabhálaí tríú páirtí agus an cáiníocóir in ann a n‑oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh trí scéim theibí gan gá céannacht an dlíodóra a léiriú.(49)
115. Ina theannta sin, le réiteach den sórt sin, d’fhéadfaí prionsabal na comhréireachta a urramú, agus é teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach chun na cuspóirí a lorgaítear le Treoir 2018/822 a bhaint amach.
116. Trí scéim theibí a úsáid gan ainm an dlíodóra a chur san áireamh, d’fhéadfaí an cuspóir maidir leis an gcomhrac i gcoinne na pleanála ionsaithí cánach a bhaint amach, agus rúndacht ghairmiúil agus príobháideachas, a ráthaítear faoi Airteagal 7 den Chairt, á n-urramú ag an am céanna. Ina theannta sin, fágann an réiteach atá beartaithe, i mo thuairim, go bhféadfaí éifeachtacht an chórais chun socruithe trasteorann a thuairisciú d’údaráis chánach a áirithiú, gan an fhaisnéis go léir is gá a bhaint de na húdaráis sin maidir leis na socruithe cánach i gceist (ní cuid den fhaisnéis sin é ainm an dlíodóra, ar na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 105 go 107 den Tuairim seo).
117. I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, ar an gcéad dul síos, measaim gur sárú ar Airteagal 7 den Chairt é dlíodóir a shainaithint i measc na faisnéise atá le soláthar chun an oibleagáid tuairiscithe arna léirmhíniú sa dara fomhír d’Airteagal 8ab(9) agus (14) de Threoir 2011/16 a chomhlíonadh, i gcás ina bhfuil tarscaoileadh tuairiscithe ag an dlíodóir sin mar gheall ar an rúndacht ghairmiúil. Ar an dara dul síos, measaim nach idirghníomhaíocht dhíréireach agus dhoghlactha lena ndéanfaí dochar do shubstaint na gceart a ráthaítear atá i gceist leis an gcur isteach ar chosaint an tsaoil phríobháidigh a eascraíonn as an bhforáil atá faoi chonspóid, i bhfianaise na haidhme atá á saothrú, , ar choinníoll nach ndéantar ainm an dlíodóra idirghabhálaí a nochtadh do na húdaráis chánach.
V. Conclúid
118. I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, molaim don Chúirt Bhreithiúnais an cheist a tharchuir an Grondwettelijk Hof (an Chúirt Bhunreachtúil, an Bheilg) i gcomhair réamhrialú a fhreagairt mar seo a leanas:
– Ní dhéantar, le hAirteagal 8ab(5) de Threoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE, arna leasú le Treoir (AE) 2018/822 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2018, trí cheangal a chur ar dhlíodóir a ghníomhaíonn mar idirghabhálaí, agus ag a bhfuil, agus é ag brath ar a rúndacht ghairmiúil, tarscaoileadh tuairiscithe aige, fógra a thabhairt gan mhoill d’idirghabhálaí eile faoi na hoibleagáidí tuairiscithe atá air de bhua mhír 6 den Airteagal sin, an ceart chun measa ar an saol príobháideach a ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a shárú, ar choinníoll nach ndéantar ainm an dlíodóra sin a nochtadh do na húdaráis chánach i gcomhthéacs chomhlíonadh na hoibleagáide tuairiscithe a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 8ab(9) agus (14) den Treoir sin.