Caingean arna tabhairt an 15 Bealtaine 2023 — Volvo Personvagnar v EUIPO (Cruth ceannsoilse)
(Cás T-260/23)
Teanga an cháis: an tSualainnis
Páirtithe
Iarratasóir: Volvo Personvagnar AB (Göteborg, an tSualainn) (ionadaithe: H.-A. Odh agus E. Esaiasson, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc tríthoiseach de chuid an Aontais Eorpaigh (Cruth na gceannsoilse) — Iarratas ar chlárú Uimh. 18 560 591
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc EUIPO an 9 Márta 2023 i gCás 1129/2022-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid faoi Airteagal 72 EUTMR a chur ar neamhní agus an cinneadh a athrú chun iarratas an iarratasóra ar thrádmharc Uimh. 18 560 591 a chlárú a fhormheas;
a ordú don chosantóir, ar bhonn Airteagal 134 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, costais an iarratasóra a íoc sna himeachtaí os comhair na Cúirte agus os comhair Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh araon;
déileáil leis an bhfianaise seo a leanas mar fhianaise rúnda:
Iarscríbhinn A.1 — Ráiteas ón saineolaí Aina Nilsson Ström agus iarscríbhinn (CV)
Iarscríbhinn A.3 — Daingniú ar cheadúnas idir Volvo Cars agus Polestar.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________