Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 25 Bealtaine 2023 - DS v Pensionsversicherungsanstalt

(Cás C-323/23, Pensionsversicherungsanstalt)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberster Gerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: DS

Cosantóir: Pensionsversicherungsanstalt

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 7 de Threoir 2004/38/CE1 a léiriú sa chaoi nach bhfuil saoránach den Aontas atá neamhghníomhach go heacnamaíoch i dteideal sochar cúnaimh shóisialta de réir bhrí na Treorach sin i gcás ina bhfuil sé ina chónaí sa Bhallstát óstach ar feadh níos mó ná trí mhí, ach níos lú ná cúig bliana, agus nach mbeadh a cheart cónaithe aige ach amháin go bhfuil sé ina chéile (Airteagal 2(2)(a) den Treoir) de shaoránach den Aontas atá fostaithe sa Bhallstát óstach (oibrí imirceach) (Airteagal 7(1)(d) den Treoir), cé nach bhfuil buncheart cónaithe aige féin faoi Airteagal 7(1)(a), (b) nó (c) den Treoir?

____________

1     Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta shaoránaigh an Aontais agus ceart bhaill dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO 2004 L 158, lch. 77).