Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 25 Bealtaine 2023 – Sozialversicherungsanstalt der Selbständigen

(Cás C-329/23, Sozialversicherungsanstalt)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir ar phointe dlí: Sozialversicherungsanstalt der Selbständigen

Páirtithe leasmhara: An Dr. W M, Bundesminister für Soziales, Gesundheit, Pflege und Konsumentenschutz

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil rialacha dhlí an Aontais maidir leis an reachtaíocht is infheidhme a chinneadh i réimse na slándála sóisialta de réir Rialachán (CE) Uimh. 883/20041 , arna léamh i gcomhar le Rialachán (CE) Uimh. 987/20092 , le cur i bhfeidhm maidir le cás ina dtugann saoránach den Aontas faoina ghníomhaíochtaí ceirde i mBallstát den Aontas Eorpach, i Stát CSTE LEE (Lichtinstéin) agus san Eilvéis ag an am céanna?

I gcás go dtabharfar freagra dearfach ar Cheist 1:

An gciallaíonn cur i bhfeidhm Rialachán Uimh. 883/2004, arna léamh i gcomhar le Rialachán (CE) Uimh. 987/2009, maidir le cás den sórt sin nach mór infheidhmeacht na reachtaíochta maidir le slándáil shóisialta a mheas ar bhonn leithleach i ndáil leis an ngaol idir Ballstát AE agus Stát CSTE LEE, ar thaobh amháin, agus i ndáil leis an gcaidreamh idir Ballstát AE agus an Eilvéis, ar an taobh eile, agus nach mór, dá réir sin, teastas ar leith a eisiúint maidir leis an reachtaíocht is infheidhme faoi leith?

An bhfuil ann d’athrú sa “staid ábhartha” de réir bhrí Airteagal 87(8) de Rialachán Uimh. 883/2004 i gcás ina gcuirtear tús le gníomhaíocht cheirde i Stát eile ina bhfuil an Rialachán sin infheidhme, fiú i gcás nach mbeadh ann d’athrú i dtaobh na reachtaíochta is infheidhme faoi Rialachán Uimh. 883/2004 ná faoi Rialachán (CEE) Uimh. 1408/711 agus ina bhfuil an ghníomhaíocht chomh coimhdeach sin nach ndéantar ach tuairim is 3% den ioncam iomlán aisti?

An mbaineann sé le hábhar cé acu an gá, de réir bhrí an dara ceist, an comhordú ar an gcaidreamh déthaobhach idir na Stáit lena mbaineann roimhe seo, ar thaobh amháin, agus idir ceann de na Ballstáit lena mbaineann roimhe seo agus an Stát “eile”, ar an taobh eile, a dhéanamh ar bhonn leithleach?

____________

1     Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gCóras slándála sóisialta (IO 2004 L 166, lch. 1).

1     Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO 2009 L 284, lch. 1).

1     Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 ón gComhairle an 14 Meitheamh 1971 maidir le cur i bhfeidhm na gcóras slándála sóisialta maidir le daoine fostaithe agus a dteaghlaigh ag gluaiseacht dóibh sa Chomhphobal (IO 1971 L 149, lch. 2).