Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Rechtbank van eerste aanleg Oost-Vlaanderen, Afdeling Gent (an Bheilg) a taisceadh an 25 Bealtaine 2023 – Dranken Van Eetvelde NV v Belgische Staat

(Cás C-331/23, Dranken Van Eetvelde)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank van eerste aanleg Oost-Vlaanderen, Afdeling Gent

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Dranken Van Eetvelde NV

Cosantóir: Belgische Staat

Na ceisteanna a tharchuirtear

An sáraítear, le hAirteagal 51bis(4) de WBTW 1 , Airteagal 205 de Threoir 2006/112 2 , arna léamh i gcomhar le prionsabal na comhréireachta, ós rud é go bhforáiltear leis an bhforáil sin do dhliteanas foriomlán neamhchoinníollach agus nach féidir leis an gcúirt é a mheas i bhfianaise rannpháirtíocht an duine aonair sa chalaois chánach?

An sáraítear, le hAirteagal 51bis(4) de WBTW, Airteagal 205 de Threoir 2006/112, arna léamh i gcomhar le prionsabal na neodrachta i réimse CBL, i gcás go gcaithfear an fhoráil sin a léiriú sa chaoi go bhfuil duine faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach as cáin breisluacha a íoc in ionad an fhéichiúnaí dhlíthiúil, gan gá a chur san áireamh an asbhaint de cháin breisluacha a d’fhéadfadh an féichiúnaí dlíthiúil sin a dhéanamh?

An gcaithfear Airteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear pionóis (riaracháin agus choiriúla) charnacha de chineál coiriúil, a bhfuil imeachtaí difriúla ina mbunús leo, i ndáil le gníomhartha atá díreach mar an gcéanna ó thaobh ábhair de ach a rinneadh thar blianta as a chéile (ach chaithfí leo, faoin dlí coiriúil, mar cion leanúnach ag a bhfuil críoch amháin) agus ina dtugtar faoi ionchúiseamh riaracháin i leith na ngníomhartha i mbliain amháin agus ionchúiseamh coiriúil i mbliain eile? Nach gcaithfear caitheamh leis na gníomhartha sin mar ghníomhartha atá doscartha óna chéile ós rud é gur rinneadh iad thar blianta as a chéile?

An gcaithfear Airteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhféadfaí imeachtaí a thionscnamh chun fíneáil riaracháin de chineál coiriúil a chur ar dhuine i ndáil le gníomh dá gciontaíodh é go críochnaitheach ina leith cheana féin faoin dlí coiriúil, cé go dtugtar faoin dá shraith imeachtaí go hiomlán neamhspleách ar a chéile agus gurb é an t-aon ráthaíocht go mbeidh déine na bpíonós go léir a chuirfear i gcomhréir le déine an chiona faoi cheist ná go bhféadfaidh an chúirt chánach athbhreithniú comhréireachta a dhéanamh sa chás, d’ainneoin nach leagtar síos aon rialacha ina leith sin sa reachtaíocht náisiúnta ná aon rialacha lena gceadófar don údarás riaracháin a chur san áireamh an pionós coiriúil a cuireadh cheana féin?

____________

1     Btw-wetboek (Cód CBL na Beilge).

1     Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).