Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Okręgowy w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 25 Bealtaine 2023 – OF, EI, RI v M.K., syndykowi masy upadłości Getin Noble Bank S.A. w upadłości (Getin Noble Bank S.A. roimhe seo)

(Cás C-324/23, Myszak) 1

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Okręgowy w Warszawie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: OF, EI, agus RI

Cosantóirí: M.K., syndyk masy upadłości Getin Noble Bank S.A. w upadłości (Getin Noble Bank S.A. roimhe seo)

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil Airteagail  6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, 1 arna léamh i bhfianaise phrionsabail na héifeachtachta agus na comhréireachta, agus Airteagail 34(1)(b) agus (g) agus 70(1) agus (4) de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach na n-institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, 2 le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, i ndáil le banc a bhfuil rún speisialta tionscanta ina choinne, nach bhfuil sé ceadaithe iarratas tomhaltóra ar bheart eatramhach (an caingean a áirithiú) a dheonú lena bhfionraítear, le linn imeachtaí cúirte, an oibleagáid an caipiteal agus tráthchodanna úis a íoc faoin gcomhaontú iasachta, ar dócha go ndearbhóidh cúirt iad a bheith neamhbhailí mar thoradh ar théarmaí conarthacha éagóracha a bhaint uaidh, ar an bhforas amháin gur cuireadh an banc sin faoi rún speisialta?

____________

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 IO 1993 L 95, lch. 29.

1 IO 2014 L 173, lch. 190.