Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 15 Nollaig 2023 – Fugro v an Chomhairle

(Cás T-143/23) 1

(Caingean le haghaidh neamhniú – Cánachas – Comhrac i gcoinne seachaint cánach – Treoir (AE) Uimh. 2022/2523 – Íosleibhéal domhanda cánachais do ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar agus do ghrúpaí mórscála intíre san Aontas – Eisiamh maidir le hioncam loingseoireachta idirnáisiúnta – Raon feidhme na heisiata sin a chur faoi chonspóid – Easpa cúram aonair – Do-ghlacthacht)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Fugro NV (Leidschendam, an Ísiltír) (ionadaí: C. Docclo, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: K. Pavlaki, E. d’Ursel agus G. Rugge, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní go páirteach Treoir (AE) Uimh. 2022/2523 ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar agus do ghrúpaí mórscála intíre san Aontas (IO 2022 L 328, lch. 1).

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean toisc í a bheith do-ghlactha.

Ní gá a thuilleadh breith a thabhairt ar na hiarratais ar idiragairt de chuid Ríocht na hÍsiltíre, de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, de chuid Koninklijke Boskalis BV agus Boskalis Offshore Transport Services NV, de chuid Heerema Offshore Energy Solutions BV, de chuid Van Oord NV agus Vox Amalia SL agus de chuid Koninklijke Vereniging van Nederlandse Reders.

Ordaítear do Fugro NV a chostais féin agus na costais ag Comhairle an Aontais Eorpaigh a íoc, cé is moite de na costais a bhaineann leis na hiarratais ar idiragairt.

Ordaítear do Fugro, don Chomhairle agus do na iarratasóirí ar idiragairt dá dtagraítear i mír 2 den chuid oibríochtúil seo a gcostais féin a íoc a bhaineann leis na hiarratais ar idiragairt.

____________

1     IO C 164, 8.5.2023.