Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – BEI v an tSiria

(Cás T-465/22)1

(Clásal eadrána – Comhaontú iasachta a bhaineann le tionscadal bóthair d’ardcháilíocht a bhí beartaithe a thógáil i dtríú tír – Neamhchomhlíonadh an chomhaontaithe – Aisíocaíocht na suimeanna réamhíocaíochtaí – Ús mainneachtana – Nós imeachta mainneachtana)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: An Banc Eorpach Infheistíochta (ionadaithe: T. Gilliams, R. Stuart et F. Oxangoiti Briones, Gníomhairí, le cúnamh ó D. Arts agus E. Paredis, Dlíodóirí)

Cosantóir: Poblacht Arabach na Siria

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 272 CFAE, iarrann an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) go n-ordófar do Phoblacht Arabach na Siria suim EUR 233 051.96, agus ús ag gabháil léi, de bhun Chomhaontú Iasachta Uimh. 60136 maidir le bóthar d’ardcháilíocht a bhí beartaithe a thógáil idir Alep (an tSiria) agus Tall Kochak (an Iaráic).

An chuid oibríochtúil

Ordaítear do Phoblacht Arabach na Siria suim EUR 233 051.96, arb ionann é agus na príomhshuimeanna agus an t-ús conarthach agus mainneachtana atá dlite an 30 Meitheamh 2022, a aisíoc leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI).

Tá ús mainneachtana ar an tsuim EUR 200 900.30 lena n-áirítear na príomhshuimeanna ag an ráta bliantúil 3.5% ón 30 Meitheamh 2022 agus go dtí dáta na híocaíochta.

Ordaítear do Phoblacht Arabach na Siria na costais a íoc.

____________

1     IO C 359, 19.9.2022.