Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 Ryanair agus Malta Air v an Coimisiún (Air France-KLM agus Air France; COVID-19)

(Cás T-494/21) 1

(Státchabhair – Cabhair arna deonú ag an bhFrainc i bhfabhar Air France agus Air France-KLM i gcomhthéacs na paindéime COVID-19 – Athchaipitliú – Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an státchabhair ag luí leis an margadh inmheánach – Caingean le haghaidh neamhniú – Locus standi – Éifeacht shuntasach dhíobhálach ar staid an iarratasóra sa mhargadh – Inghlacthacht – Cinneadh maidir le tairbhí na cabhrach i gcomhthéacs grúpa de chuideachtaí)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Ryanair DAC (Sord, Éire), Malta Air ltd. (Pietà, Málta) (ionadaithe: F.-C. Laprévote, E. Vahida, V. Blanc, S. Rating, I.- G. Metaxas-Maranghidis agus D. Pérez de Lamo, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn, J. Carpi Badía et C. Georgieva, Gníomhairí)

Idiragraithe, ag tacú leis an gcosantóir: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (ionadaithe: P.- L. Krüger agus J. Möller, Gníomhairí), Poblacht na Fraince (ionadaithe: A.- L. Desjonquères, P. Dodeller, T. Stéhelin, B. Fodda agus T. Lechevallier, Gníomhairí), Ríocht na hÍsiltíre (ionadaithe: M. Bulterman, C. Schillemans agus J. Langer, Gníomhairí, le cúnamh ó S. Corrijn, Dlíodóir), Air France-KLM (Páras, an Fhrainc) (ionadaithe: J. Derenne agus D. Vallindas, Dlíodóirí), Société Air France (Tremblay-en-France, an Fhrainc) (ionadaithe: J. Derenne agus D. Vallindas, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí Cinneadh C(2021) 2488 final ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2021 maidir le Státchabhair SA.59913 – an Fhrainc – COVID-19 – Athchaipitliú Air France agus Air France-KLM a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Cuirtear Cinneadh C(2021) 2488 final ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2021 maidir le Státchabhair SA.59913 – an Fhrainc – COVID-19 – Athchaipitliú Air France agus Air France-KLM ar neamhní.

Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin a íoc anuas ar chostais Ryanair DAC agus Malta Air ltd.

Ordaítear do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na Fraince, Ríocht na hÍsiltíre, Air France-KLM agus Société Air France a gcuid costas féin a íoc.

____________

1      IO C 391, 27.9.2021