Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – Pharmaselect International agus OmniActive Health Technologies v EUIPO – OmniActive Health Technologies agus Pharmaselect International (LUTAMAX)

(Cásanna Uamtha T-221/22 agus T-242/22) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí cúlghairme – Focalmharc an Aontais Eorpaigh LUTAMAX – Fíorúsáid an trádmhairc – Airteagal 51(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 58(1)(a) anois de Rialachán (AE) 2017/1001) – Oibleagáid cúiseanna a lua – Airteagal 94(1) de Rialachán 2017/1001)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir i gCás T-221/22: Pharmaselect International Beteiligungs GmbH (Vín, an Ostair) (ionadaithe: S. Jackermeier, D. Wiedemann agus M. Ringer, Dlíodóirí)

Iarratasóir i gCás T-242/22: OmniActive Health Technologies Ltd (Mumbai, an India) (ionadaithe: M. Hawkins, T. Dolde agus C. Zimmer, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Stoyanova Valchanova agus D. Gája, Gníomhairí)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idirghabháil os comhair na Cúirte Ginearálta i gCás T-221/22: OmniActive Health Technologies (Mumbai) (ionadaithe: M. Hawkins, T. Dolde agus C. Zimmer, Dlíodóirí)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idirghabháil os comhair na Cúirte Ginearálta i gCás T-242/22: Pharmaselect International Beteiligungs (Vín) (ionadaithe: S. Jackermeier, D. Wiedemann agus M. Ringer, Dlíodóirí)

Ábhar:

Lena gcaingne faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 24 Feabhra 2022 ar neamhní (Cásanna uamtha R 524/2021-1 agus R 649/2021-1).

An chuid oibríochtúil

Cuirtear mír 2 den chuid oibríochtúil Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 24 Feabhra 2022 (Cásanna Uamtha R 525/2021-1 agus R 649/2021-1) ar neamhní;

Diúltaítear don chuid eile den chaingean i gCás T-221/22.

Diúltaítear don chaingean i gCás T-242/22

Ordaítear do Pharmaselect International Beteiligungs GmbH, EUIPO agus OmniActive Health Technologies a chostais féin a íoc i gCás T-221/22.

Ordaítear do OmniActive Health Technologies Ltd a chostais féin a íoc chomh maith leis na costais a thabhaigh EUIPO agus Pharmaselect International Beteiligungs GmbH i gCás T-242/22.

____________

1     IO C 237, 20.6.2022.