Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – BEI v an tSiria

(Cás T-457/22)1

(Clásal eadrána – Comhaontú iasachta a bhaineann le dearadh, tógáil nó suiteáil agus coimisiúnú ospidéil áirithe i dtriú tír – Neamhchomhlíonadh an chomhaontaithe – Aisíocaíocht na suimeanna réamhíocaíochtaí – Ús mainneachtana – Nós imeachta mainneachtana)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: An Banc Eorpach Infheistíochta (ionadaithe: T. Gilliams, R. Stuart agus F. Oxangoiti Briones, Gníomhairí, le cúnamh ó D. Arts agus E. Paredis, Dlíodóirí)

Cosantóir: Poblacht Arabach na Siria

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 272 CFAE, iarrann an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) go n-ordófar do Phoblacht Arabach na Siria na suimeanna EUR 50 880 189.61 agus USD 2 897 002.31 a íoc leis an Aontas Eorpach, agus ús a ghabháil leo, de bhun Chomhaontú Iasachta Uimh. 21595 a bhaineann le dearadh, tógáil nó suiteáil agus coimisiúnú ospidéil áirithe sa tSiria agus na suimeanna EUR 11 416.23 agus USD 760.94 a íoc leis, nach raibh ina n-ábhar do ghlao ar an taisce, arb ionann iad agus an t-ús mainneachtana a bhaineann leis an tráthchuid a bhí dlite an 10 Meitheamh 2022, arna gcarnadh go dtí an 14 Meitheamh 2022, dáta inar íoc an tAontas an tráinse comhfhreagrach i bpríomhshuim agus in ús conarthach.

An chuid oibríochtúil

Ordaítear do Phoblacht Arabach na Siria na suimeanna EUR 50 880 189.61 agus USD 2 897 002.31, arb ionann iad agus na príomhshuimeanna agus an t-ús conarthach agus mainneachtana atá dlite an 30 Meitheamh 2022, a aisíoc leis an Aontas Eorpach, arna ionadú ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus na suimeanna EUR 11 416.23 agus USD 760.94, arb ionann iad agus ús mainneachtana thar téarma atá nasctha leis an tráinse atá dlite an 10 Meitheamh 2022, arna gcarnadh go dtí an 29 Meitheamh 2022, nach bhfuil ráthaithe ag an Aontas, a aisíoc le BEI.

Tá úis mhainneachtanna ar na suimeanna EUR 40 744 064.86 agus USD 2 223 971.84 lena n-áirítear na príomhshuimeanna, arna ríomh de réir an mhodha dá bhforáiltear in Airteagal 3(2) de Chomhaontú Iasachta Uimh. 21595 a bhaineann le dearadh, tógáil nó suiteáil agus coimisiúnú ospidéil áirithe sa tSiria, a tugadh chun críche idir BEI agus Poblacht Arabach na Siria an 15 Bealtaine 2002 arna modhnú le litir an 11 Aibreán 2006 agus arna leasú an 17 Deireadh Fomhair agus an 29 Samhain 2007 agus go dtí an dáta íocaíochta.

Ordaítear do Phoblacht Arabach na Siria na costais a íoc.

____________

1     IO C 359, 19.9.2022.