Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – Landesbank Baden-Württemberg v BRA
(Cás T-389/21)1
(Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – Aontas baincéireachta – Sásra réitigh aonair le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe (SRA) – Ciste réitigh aonair (CRA) – Cinneadh BRA maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante le haghaidh 2021 – Oibleagáid cúiseanna a lua – Cosaint bhreithiúnach éifeachtach – Cóir chomhionann – Prionsabal na comhréireachta – Corrlach breithmheasa BRA – Pléadáil maidir le neamhdhleathacht – Corrlach breithmheasa an Choimisiúin – Éifeachtaí an bhreithiúnais a theorannú ó thaobh ama de)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Landesbank Baden-Württemberg (Stuttgart, an Ghearmáin) (ionadaithe: H. Berger, M. Weber agus D. Schoo, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (ionadaithe: J. Kerlin, T. Wittenberg agus D. Ceran, Gníomhairí, le cúnamh ó H.-G. Kamann, F. Louis, P. Gey agus L. Hesse, Dlíodóirí)
Idiragraithe, ag tacú leis an gcosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: D. Triantafyllou, A. Nijenhuis agus A. Steiblytė, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear ar neamhní Cinneadh SRB/ES/2021/22 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 14 Aibreán 2021 maidir le ríomh na rannaíocaíochtaí ex ante le haghaidh 2021 leis an gCiste Réitigh Aonair, a mhéid a bhaineann leis.
An chuid oibríochtúil
Cuirtear ar neamhní Cinneadh SRB/ES/2021/22 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 14 Aibreán 2021 maidir le ríomh na rannaíocaíochtaí ex ante le haghaidh 2021 leis an gCiste Réitigh Aonair, a mhéid a bhaineann le Landesbank Baden-Württemberg.
Coimeádtar ar bun éifeachtaí chinneadh SRB/ES/2021/22, a mhéid a bhaineann le Landesbank Baden-Württember, go dtí go dtiocfaidh i bhfeidhm, laistigh de thréimhse réasúnta nach mbeidh níos faide ná sé mhí ó dháta fógartha an bhreithiúnais seo, cinneadh nua ó BRA lena socrófar ranníocaíocht ex ante na hinstitiúide sin leis an gCiste Réitigh Aonair le haghaidh thréimhse ranníocaíochta 2021.
Ordaítear do BRA, de bhreis ar a chostais féin, na costais a thabhaigh Landesbank Baden-Württemberg a íoc.
Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin a íoc.
____________
1 IO C 349, 30.8.2021.