Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – Confédération nationale du Crédit mutuel agus páirtithe eile v BRA

(Cás T-384/21) 1

(Aontas eacnamaíochta agus airgeadaíochta – Aontas baincéireachta – Sásra réitigh aonair le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe – Ciste Réitigh Aonair (CRA) – Cinneadh BRA maidir le ríomh na ranníocaíochtaí 2021 ex ante – Oibleagáid cúiseanna a lua – Prionsabal an dea-riaracháin – Prionsabal na cosanta dlí éifeachtaí – Pléadáil neamhdhleathachta – Teorainn a chur le héifeachtaí ama an bhreithiúnais)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóirí: Confédération nationale du Crédit mutuel (Páras, an Fhrainc) agus na 26 iarratasóirí eile a bhfuil a n-ainmneacha san iarscríbhinn a ghabhann leis an mbreithiúnas (ionadaithe: A. Gosset-Grainville agus M. Trabucchi, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Bord Réitigh Aonair (ionadaithe: J. Kerlin, C. De Falco agus C. Flynn, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó H.-G. Kamann, F. Louis, P. Gey agus V. Del Pozo Espinosa de los  Monteros, Dlíodóirí)

Idiragraithe, mar thaca leis an gcosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: J. Etienne, O. Denkov agus M. Menegatti, i gcáil Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. d’Ursel, A. Westerhof Löfflerová agus J. Bauerschmidt, i gcáil Gníomhairí), an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: D. Triantafyllou, A. Nijenhuis agus A. Steiblytė, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Lena gcaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí ar neamhní Cinneadh SRB/ES/2021/22 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 14 Aibreán 2021 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí 2021 ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair, a mhéid a bhaineann sé leo.

An chuid oibríochtúil

Cuirtear ar neamhní Cinneadh SRB/ES/2021/22 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 14 Aibreán 2021 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí 2021 ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair, a mhéid a bhaineann sé le Confédération nationale du Crédit mutuel agus leis na páirtithe eile a bhfuil a n-ainmneacha san iarscríbhinn.

Coinnítearna héifeachtaí atá ag Cinneadh SRB/ES/2021/22, a mhéid a bhaineann sé le Confédération nationale du Crédit mutuel agus leis na páirtithe eile a bhfuil a n-ainmneacha san iarscríbhinn, go dtiocfaidh cinneadh úr ó BRA i bhfeidhm, laistigh de thréimhse réasúnta nach faide ná sé mhí ó dháta fógartha an bhreithiúnais seo, ar cinneadh é lena socraítear an ranníocaíocht ex ante le déanamh ag na forais sin leis an gCiste Réitigh Aonair le haghaidh thréimhse rannaíochta 2021.

Ordaítear do BRA a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Confédération nationale du Crédit mutuel agus ag na hiarratasóirí eile a bhfuil a n-ainmneacha san iarscríbhinn a íoc.

Ordaítear do Pharlaimint na hEorpa, do Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus don Choimisiún Eorpach a gcostais féin a íoc.

____________

1 IO C 338, 23.8.2021.