Language of document :

Caingean arna tabhairt an 18 Iúil 2023 – Poblacht na Polainne v Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh

(Cás C-451/23)

Teanga an cháis:an Pholainnis

Páirtithe

Iarratasóir: Poblacht na Polainne (ionadaí: B. Majczyna, Gníomhaire)

Cosantóirí: Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Rialachán (AE) 2023/857 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus Rialachán (AE) 2018/19991 a chur ar neamhní ina iomláine;

a ordú do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh Airteagal 192(2)(c) CFAE

Dar leis an bPolainn, sháraigh na hinstitiúidí atá ina gcosantóirí Airteagal 192(2)(c) CFAE trí mhainneachtain an rialachán atá faoi chonspóid a ghlacadh ar bhonn na forála sin den Chonradh, lena n-éilítear aontoilíocht sa Chomhairle, cé go ndéanann an rialachán atá faoi chonspóid difear suntasach do rogha Ballstáit idir foinsí éagsúla fuinnimh agus struchtúr ginearálta a sholáthair fuinnimh.

2. Saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh a leagtar síos in Airteagal 194(1)(b) CFAE

Dar leis an bPolainn, sháraigh na hinstitiúidí atá ina gcosantóirí Airteagal 194(1)(b) CFAE trí sprioc laghdaithe gás ceaptha teasa an Aontais agus spriocanna laghdaithe aonair na mBallstát a mhéadú go 40 %, – rud a chuireann slándáil fuinnimh na Polainne i mbaol – toisc nár cuireadh leasanna na mBallstát éagsúil lena mbaineann san áireamh agus nach ndéantar a leasanna a chothromú le leasanna an Aontais.

3. Saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 5(4) CAE

Dar leis an bPolainn, sháraigh na hinstitiúidí atá ina gcosantóirí prionsabal na comhréireachta trí sprioc laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais agus spriocanna aonair na mBallstát a mhéadú go 40 % ar bhonn anailís mhícheart sa mheasúnú tionchair, anailís a bhí neamhiomlán, earráideach agus a bhí bunaithe ar shonraí atá as dáta.

4. Saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an chomhair dhílis a leagtar síos in Airteagal 4(3) CAE

Dar leis an bPolainn, sháraigh na hinstitiúidí atá ina gcosantóirí prionsabal an chomhair dhílis trí spriocanna maidir le laghdú a leagan síos i Rialachán 2023/857 (i) ar bhonn staid shóisialta, eacnamaíoch agus pholaitiúil nach léiríonn an staid mar atá faoi láthair agus (ii) dínasctha ó inniúlachtaí iarbhír na mBallstát.

____________

1 IO 2023 L 111, lch. 1