Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Tallinna Halduskohus (an Eastóin) a taisceadh 17 Iúil 2023 – Warmeston OÜ v AS Elering

(Cás C-446/23, Warmeston)

Teanga an cháis: an Eastóinis

An chúirt a rinne an tarchur

Tallinna Halduskohus

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Warmeston OÜ

Cosantóir: AS Elering

Na ceisteanna a tharchuirtear

Conas ba chóir an coincheap maidir le tionscadal (infheistíochta) a léiriú chun críocha aithrisí 42 go 43 de Chinneadh SA.47354 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2017? Conas ba chóir a chinneadh cad iad na costais a bhaineann leis an tionscadal agus a bhféadfadh a fhágáil go measfaí, an 31 Nollaig 2016, go raibh an tionscadal ar chéim forbartha gur rídhócha go mbeadh sé críochnaithe (baineann an tionscadal sin le tús na n-oibreacha)?

a.    Go sonrach, an féidir le suiteáil nach ngineann fuinneamh (amhail monarcha millíní adhmaid) a bheith mar chuid de thionscadal a bhaineann le suiteáil giniúna leictreachais?

b.    An mbraitheann an freagra ar an gceist thuas ar na nithe seo a leanas:

i.    cé acu an bhfuil an tsuiteáil nach ngineann fuinneamh nasctha go heacnamaíoch leis an tsuiteáil táirgeachta leictreachais;

ii.    cé acu an gcaithfidh an tsuiteáil nach ngineann fuinneamh a bheith nasctha go teicniúil (ó thaobh fuinnimh de) le suiteáil giniúna fuinnimh; i bhfocail eile, an gcaithfidh an gnóthas, a sholáthraíonn nó mar sin de an tsuiteáil giniúna leictreachais, a bheith spleách ar an tsuiteáil eile;

iii.    cé acu an raibh tógáil na suiteála nach ngineann fuinneamh inmharthana inti féin ó thaobh na heacnamaíochta de agus an bhfuil bunús teicneolaíoch léi (a mhéid, mar shampla, atá sí ag feidhmiú le níos mó ná deich mbliana anuas agus nár ghlac an forbróir tionscadail aon chéimeanna chun an tsuiteáil giniúna leictreachais a thógáil le linn an ama sin?

c.    Go sonrach, an féidir le suiteáil nach ngineann fuinneamh a bheith mar chuid de thionscadal a bhaineann le suiteáil giniúna fuinnimh ar an t-aon fhoras go bhfuil sé níos brabúsaí é a oibriú i gcomhar leis an tsuiteáil giniúna leictreachais?

d.    Go sonrach, an gcaithfear a scrúdú an bhfuil an tsuiteáil nach ngineann fuinneamh ina chuid de thionscadal a bhaineann le suiteáil giniúna fuinnimh (i bhfocail eile, an mbeadh an tsuiteáil nach ngineann fuinneamh tógtha ag an bhforbróir tionscadail mura mbeadh sé pleanáilte suiteáil giniúna leictreachais a thógáil) – nó a mhalairt?

Ar chóir don mheasúnú i ndáil leis na hoibreacha a bheith tosaithe chun críocha aithris 42 de Chinneadh SA.47354 ón gCoimisiún Eorpach an 6 Nollaig 2017 a bheith bunaithe ar ghlacadh foirmiúil gealltanas neamhchoinníollach agus ceangailteach amháin (trí shíniú chuige sin, mar shampla), nó an gá freisin scrúdú substainteach a dhéanamh gach uair lena chinneadh an raibh an tionscadal ag céim forbartha a d’fhág go raibh sé rídhócha go gcríochnófaí é, agus an mbeadh iarmhairtí diúltacha suntasacha don ghnóthas dá n-éireofaí as an tionscadal?

a.    Go sonrach, an gcaithfear staid forbartha an tionscadail a mheasúnú i dtaca le gach pointe a bhaineann le tús na n-oibreacha, lena n-áirítear tús na n-oibreacha tógála?

b.    Go sonrach, conas a chaithfear substaint na ngealltanas a glacadh a mheasúnú? An féidir an cóimheas infheistíocht a rinneadh/gealltanais a glacadh/oibreacha tógála ar tugadh fúthu/costais a tabhaíodh le luach iomlán an tionscadail a chur san áireamh? An bhfuil sé ábhartha freisin an mbaineann na gealltanais a ghlacadh le suiteáil giniúna leictreachais nó bonneagar an tionscadail?

c.    Go sonrach, an féidir a mheas gur cuireadh tús leis an tionscadail i gcás, roimh an 31 Nollaig 2016, gur ghlac an gnóthas gealltanais/go ndearna sé infheistíochtaí/gur thosaigh sé oibreacha tógála/go bhfuair sé trealamh, ach go bhfuil na costais ró-bheag i ndáil le méid an tionscadail fhoriomlán agus nach féidir a mheas go raibh an tionscadal ag céim forbartha go bhfuil sé rídhócha go gcríochnófaí é? Cén cóimheas idir na costais agus luach foriomlán an tionscadail is féidir a mheas go réasúnta gur leor é chun tacú leis an toimhde go bhfuil an tionscadal ag céim forbartha a fhágann go bhfuil sé rídhócha go gcríochnófar é?

d.    Go sonrach, an gcaithfidh an Ballstát, agus measúnú á dhéanamh aige i dtaobh an féidir a mheas gur tosaíodh na hoibreacha, a dheimhniú an bhfuil éifeacht dreasachta ann, nó an gcaithfear glacadh leis gurb ann don éifeacht sin, i gcomhréir le Cinneadh SA.47354 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2017?

____________