Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 26 Meán Fómhair 2023 – LK, AK v Volkswagen AG

(Cás C-592/23, Volkswagen)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberster Gerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: LK, AK

Cosantóir: Volkswagen AG

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 2(6) agus pointe 3.13.4 d’Iarscríbhinn III le Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 692/2008 1 (arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(10) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 2 ) le léiriú sa chaoi go bhfuil feiste rialaithe truaillithe (clár rialaithe le haghaidh asúiteoir sa timthriall ullmhúcháin) a mheastar a bheith ina chóras athghiniúna leanúnaí, toisc go dtarlaíonn athghiniúint (próiseas friththruaillithe) uair amháin ar a laghad in aghaidh gach trialach de chineál 1, agus gur athghin an feiste cheana uair amháin ar a laghad le linn an timthrialla ullmhucháin (‘precon’, is é sin réamhphróiseáil) ina fheiste sáraithe de réir bhrí Airteagal 3(10) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007?

(a) An bhfuil Airteagal 5(2)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 (arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(10) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Airteagal 2(6) agus pointe 3.13.4 d’Iarscríbhinn III le Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 692/2008) le léiriú sa chaoi (i gcás inarb iomchuí) go bhfuil feiste sáraithe incheadaithe sa chás go gcomhlíontar na coinníollacha, go bunúsach, sa nós imeachta tástála astaíochtaí?

(b) An bhfuil Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 (arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(10) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Airteagal 2(6) agus Iarscríbhinn 3.13.4 le Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 692/2008 le léiriú sa chaoi (i gcás inar iomchuí) go bhfuil feiste sáraithe den sórt sin incheadaithe má tá an oibríocht atá ann sa nós imeachta tástála (tástáil formheasa) in 80 % de na cásanna, fiú i ngnáthúsáid (fíoroibriú)?

An bhfuil pointe 2.20 agus pointe 3 d’Iarscríbhinn 13 le Rialachán UNECE  1 (arna léamh i gcomhar le pointe 3.13.1 d’Iarscríbhinn III, agus Airteagal 2(6), de Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 692/2008) le léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm ag an riail a leagtar síos sa dara habairt de phointe 3 d’Iarscríbhinn 13 le Rialachán UNECE, ar dá réir gur féidir an lasc (chun an próiseas athghiniúna a chosc nó a cheadú) a ghníomhachtú le linn an timthrialla réamhphróiseála chun athghiniúint a cosc agus chuige sin amháin, maidir leis an nós imeachta speisialta tástála dá bhforáiltear in Iarscríbhinn 13 le Rialachán UNECE agus dá réir sin maidir le tástáil astaíochtaí feithicle le córas athghiniúna tréimhsiúla ach ní i dtaca le feithicil le córas athghiniúna leanúnaí?

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 an 18 Iúil 2008 lena gcuirtear i bhfeidhm agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO 2008 L 199, lch. 1).

1 Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO 2007 L 171, lch. 1).

1 Rialachán Uimh. 83 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) – Forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le ceadú mótarfheithiclí maidir le hastaíochtaí truailleán de réir cheanglais breosla an innill [2015/1038] (IO 2015 L 172, lch.1).