Language of document :

Caingean arna tabhairt an 2 Márta 2022 – Svenska Bankföreningen agus Länsförsäkringar Bank v an Coimisiún

(Cás T-112/22)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Ideella föreningen Svenska Bankföreningen med firma Svenska Bankföreningen, Näringsverksamhet (Stócólm, an tSualainn), Länsförsäkringar Bank AB (Stócólm) (ionadaithe: P. Hansson, M. Eriksson agus M. Persson, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh an Choimisiúin an 24 Samhain 2021 i gCás SA.56348(2021/N) – An tSualainn: Cáin Shualannach ar institiúidí creidmheasa a chur ar neamhní;1

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí saincheist dlí amháin lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Eorpach cearta nós imeachta na n-iarratasóirí, sa mhéid gur theip air nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a thionscnamh.

Áitítear go raibh deacrachtaí suntasacha roimh an Coimisiún go hoibiachtúil le linn réamhscrúdú an bheartais faoinar tugadh fógra agus go raibh ceart dó nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a thionscnamh. Mar shampla:

Líomhnaíonn na hiarratasóirí gur mhainnigh an Coimisiún a thabhairt faoi deara gur shoiléir nach raibh teorainneacha an chórais thagartha arna n-aithint ag an gCoimisiún i gcomhréir le cuspóir na cánach priacail.

Ina theannta sin, áitíonn na hiarratasóirí gur mhainnigh an Coimisiún a thabhairt faoi deara go bhfuil na hinstitiúidí creidmheasa atá laistigh agus lasmuigh de raon feidhme na cánach priacail faoi chúinsí dlí agus fíorasacha comhchosúla, i bhfianaise chuspóir an chórais cánach.

Mar aon leis sin, áitítear gur chuir an Coimisiún cásdlí na Cúirte Breithiúnais i bhfeidhm go mícheart agus é ag déanamh measúnú ar an tairseach chun cánachais.

Áitíonn na hiarratasóirí chomh maith gur mhainnigh an Coimisiún a thabhairt faoi deara nach raibh bonn cirt leis an difear i leith na hionramhála agus nach raibh sé i gcomhréir i gcás ar bith.

Ar deireadh, áitíonn na hiarratasóirí nárbh leor an scrúdú arna dhéanamh ag an gCoimisiún le linn an nós imeachta réamhscrúdaithe agus go raibh sé uireasach.

____________

1 COM(2021) 8637 final agus féach a fhoilsiú in IO 2021 C 511, lch. 2.