Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 8 Bealtaine 2023 ag Poblacht na Bulgáire i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 i gCás T-235/21, Poblacht na Bulgáire v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-294/23 P)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

Páirtithe

Achomharcóir: Poblacht na Bulgáire (ionadaithe: Tsv. Mitova agus S. Ruseva, Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 i gCás T-235/21, Poblacht na Bulgáire v an Coimisiún Eorpach (EU:T:2023:105) a chur ar ceal go hiomlán agus breithiúnas críochnaitheach a thabhairt sa chás nó, mar mhalairt air sin, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun an díospóid a chinneadh;

a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Braitheann an t-achomharcóir ina achomharc ar dhá shaincheist dlí san iomlán:

Rinne an Chúirt Ghinearálta an dlí a chur i bhfeidhm go mícheart agus léiriú á dhéanamh aici ar Airteagal 52(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/20131 agus Airteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 908/20142 , arna léamh i gcomhar le hAirteagal 52(1) agus Airteagal 54(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, agus sháraigh sí an oibleagáid réasúin a shonrú faoi Airteagal 296 CFAE chomh maith le prionsabail an dea-riaracháin agus an chomhair dhílis, agus, dá bhrí sin, tháinig sí ar chonclúid neamhdhleathach gur urramaíodh ceart Phoblacht na Bulgáire í féin a chosaint agus an ráthaíocht nós imeachta a bhaineann leis an nós imeachta imréitigh comhréireachta agus gur comhlíonadh an oibleagáid na réasúin is bun le gníomhartha dlí a shonrú agus prionsabail an dea-riaracháin agus an chomhair dhílis. Ní leor an réasúnaíocht sa bhreithiúnas agus níl sí sásúil toisc nár thug an Chúirt Ghinearálta breith ar na fíorais agus ráitis go léir de pháirt Stát na Bulgáire a bhaineann leis an gcás.

Rinne an Chúirt Ghinearálta an dlí a chur i bhfeidhm go mícheart agus léiriú á dhéanamh aici ar Airteagal 54(5)(a) agus (b), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 54(1), de Rialachán 1306/2013 toisc gur glacadh leis, sa chás seo, gur cuireadh tús leis an teorainn ama de 18 mí dá bhforáiltear in Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 “tar éis don ghníomhaireacht íocaíochta” na tuarascálacha críochnaitheacha ó OLAF “a fháil”. Tá ráitis na Cúirte Ginearálta i míreanna 76 go 78 den bhreithiúnas i gCás T-235/21 contrártha leis an gcásdlí socair go bhfuil nádúr sáraíochta ag baint leis an nós imeachta imréitigh comhréireachta faoi Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus gurb ionann na doiciméid éagsúla a arna malartú le linn an nós imeachta riaracháin agus doiciméid ullmhúcháin maidir leis an imréiteach comhréireachta.

____________

1 Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 549).

1 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2014 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, rialacha maidir le seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO 2014 L 255, lch. 59).