Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 10 Bealtaine 2023 - Zentrale zur Bekämpfung unlauteren Wettbewerbs eV v dm-drogerie markt Gmbh & Co.KG

(Cás C-296/23, dm-drogerie markt)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir ar phointe dlí: Zentrale zur Bekämpfung unlauteren Wettbewerbs eV

Freagróir ar achomharc ar phointe dlí: dm-drogerie markt Gmbh & Co.KG

An cheist a tharchuirtear

An é nach gcumhdaítear faoi “aon táscairí eile dá samhail”, de réir bhrí an dara habairt d’Airteagal 72(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/20121 , ach táscairí i bhfógraíocht lena ndéantar beagní, ar bhonn ginearálta, ar an gcaoi chéanna leis na téarmaí a liostaítear go sainráite san fhoráil sin, d’airíonna na bithicíde maidir leis na rioscaí a bhaineann leis an táirge sin i ndáil le sláinte an duine, le sláinte ainmhithe nó leis an gcomhshaol nó maidir lena éifeachtúlacht, nó an dtagann faoi “aon táscairí eile dá samhail” gach téarma lena léirítear go ndéantar beagní, maidir leis na rioscaí a bhaineann leis an táirge sin i ndáil le sláinte an duine, le sláinte ainmhithe nó leis an gcomhshaol nó maidir lena éifeachtúlacht, dóibh ar bhealach atá inchomparáide leis na téarmaí a liostaítear go nithiúil, gan gá go mbeadh sé de chineál ginearálta mar atá na téarmaí sin?

____________

1 Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO 2012 L 167, lch. 1).