Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado Central de Instrucción nº 6 de la Audiencia Nacional (an Spáinn) an 3 Bealtaine 2023 – Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh v I.R.O., F.J.L.R.

(Cás C-292/23)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Juzgado Central de Instrucción nº 6 de la Audiencia Nacional

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

Cosantóirí: I.R.O. agus F.J.L.R.

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 42(1) de Rialachán 2017/1939 1 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar fhoráil náisiúnta amhail Airteagal 90 de LO 9/2021 an 1 Iúil, lena n-eisiatar ó athbhreithniú breithiúnach gníomh nóis imeachta ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige ar thríú páirtithe (sa chaoi a chuirtear in iúl) amhail an cinneadh ón Ionchúisitheoir Tarmligthe Eorpach chun finnéithe a thoghairm i bhForaithne an 2/02/2023?

An gcaithfear Airteagail 6 agus 48 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 7 de Threoir (AE) 2016/343 1 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar fhoráil náisiúnta amhail Airteagal 90 i gcomhar le hAirteagail 42.1 agus 42.33 agus 43 de LO 9/2021 an 1 Iúil lena n-eisiatar ó athbhreithniú breithiúnach gníomh nóis imeachta ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh amhail an cinneadh ón Ionchúisitheoir Tarmligthe Eorpach chun tríú páirtí, ar measadh go réasúnta go raibh sé páirteach sna cionta atá faoi imscrúdú, a thoghairm mar fhinné?

An gcaithfear an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 86(3) CFAE a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar chóras athbhreithnithe bhreithiúnaigh amhail an córas dá bhforáiltear in Airteagail 90 agus 91 de LO 9/2021 a bhaineann le gníomhartha ó na hIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha arna dtabhairt faoi Airteagail 42.1 agus 43 de LO 9/2021, lena n-eisiatar ó athbhreithniú breithiúnach beart arna dhéanamh ag an Ionchúisitheoir Tarmligthe Eorpach agus a chumhacht fiosrúcháin á feidhmiú aige, agus nach bhfuil aon choibhéis aige leis na rialacha nóis imeachta náisiúnta lena rialaítear agóid a dhéanamh in aghaidh cinntí arna n-eisiúint ag na Breithiúna fiosrúcháin agus a gcumhacht fiosrúcháin á feidhmiú acu?

An gcaithfear Airteagal 2 CAE[,] lena ndearbhaítear na luachanna is bonn leis an smacht reachta ar a bhfuil an tAontas bunaithe, i gcomhar leis an gceart chun leighis éifeachtaigh agus an ceart chun trialach leis na ráthaíochtaí uile atá in Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus prionsabal na héifeachtachta dá bhforáiltear sa dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar chóras athbhreithnithe bhreithiúnaigh ar ghníomhartha ó na hIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha lena dteorannaítear na cásanna inar féidir agóid a dhéanamh go méid áirithe cásanna amhail an méid dá bhforáiltear i reachtaíocht na Spáinne in Airteagail 90 agus 91 de LO 9/2021?

____________

1 Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (IO 2017 L 283, lch. 1).

1 Treoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le neartú ar ghnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta agus den cheart chun bheith i láthair le linn na trialach in imeachtaí coiriúla (IO 2016 L 65, lch. 1)