Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Landesverwaltungsgericht Tirol (an Ostair) a taisceadh an 23 Samhain 2023 – Benediktinerabtei Ettal

(Cás C-714/23, Benediktinerabtei Ettal)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landesverwaltungsgericht Tirol

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: Benediktinerabtei Ettal

Údarás is freagróir: Bezirkshauptmannschaft Innsbruck

Páirtí leasmhar: Benediktinerinnen Kloster St Nikolaus von Flüe

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 63 CFAE le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar fhoráil den dlí náisiúnta, amhail Mír 6(3) de TGVG 1996 1 ar dá réir nach bhfuil údarú d’fheirmeoir cearta a fháil i dtalamh talmhaíochta de réir bhrí Mhír 2(5)(a) le déanamh ag an údarás aistrithe talún ach amháin mura bhfuil an sealbhú ceart ar neamhréir leis na prionsabail a leagtar amach i Mír 1(1)(a) agus má léiríonn faighteoir na gceart go hinchreidte go saothróidh sé an talamh thalmhaíochta ar bhealach inbhuanaithe iomchuí mar chuid dá bhunaíocht?

Más freagra dearfach a thabharfar ar an gceist sin: An bhfuil cás atá inchomparáide go hoibiachtúil ann idir feirmeoir a bhfuil a bhunaíocht talmhaíochta lonnaithe gar don talamh atá á fáil agus ar mian leis an talamh sin a shaothrú mar chuid dá bhunaíocht, agus, ar an taobh eile, feirmeoir nach bhfuil a bhunaíocht talmhaíochta lonnaithe go (réasúnta i dtéarmaí talmhaíochta) gar don talamh atá á fáil agus nach bhfuil sé i gceist aige an talamh a shaothrú mar chuid dá bhunaíocht d’fhonn rannchuidiú le cothabháil a bhunaíochta, ach a fhágann an talamh lena mbaineann d’fheirmeoirí áitiúla chun feirmeoireacht a dhéanamh faoi léas nó faoi chonradh iasachta de thréimhse éiginnte a fhéadfaidh iad siúd a shaothraíonn an talamh a aisghairm nuair is mian leo?

2a.    Más freagra dearfach a thabharfar ar an gceist sin: An bhfuil feidhm ag an údar a bhaineann le bunaíochtaí talmhaíochta nó foraoiseachta éifeachtacha a chruthú, a chaomhnú nó a neartú maidir leis an srian ar shaorghluaiseacht caipitil, de bhrí go bhfuil Míreanna 6, 7 agus 7a de TGVG 1996 beartaithe chun a áirithiú go ndéanfaidh feirmeoirí talamh thalmhaíochta a shaothrú ar bhealach inbhuanaithe agus i gcomhréir lena críoch mar chuid dá mbunaíocht ar mhaithe le bunaíochtaí talmhaíochta a neartú agus ilroinnt talún talmhaíochta agus úsáid mhíchuí talún talmhaíochta a chosc?

____________

1 Tiroler Grundverkehrsgesetz 1996 (Dlí na Tioróile 1996 maidir le haistriú talún) (LGBI. Uimh. 61/1996 arna leasú go deireanach ag LGBI. Uimh. 204/2021.