Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Markkinaoikeus (an Fhionlainn), arna taisceadh an 15 Feabhra 2022 – Lännen MCE Oy v Berky GmbH agus Senwatec GmbH & Co. KG

(Cás C-104/22)

Teanga an cháis: an Fhionlainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Markkinaoikeus

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Lännen MCE Oy

Cosantóirí: Berky GmbH agus Senwatec GmbH & Co. KG

Na ceisteanna a tharchuirtear

Tá Cuideachta A bunaithe i mBallstát X, ina bhfuil a hoifig chláraithe, agus bhain sí úsáid, ar a suíomh gréasáin, i bhfógra nó in eochairfhocal, as comhartha atá go díreach mar an gcéanna leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh atá ag Cuideachta B.

1.    Sa chás thuasluaite, an féidir teacht ar an gconclúid go bhfuil an fógra dírithe ar thomhaltóirí nó trádálaithe i mBallstát Y, ina bhfuil oifig chláraithe ag Cuideachta B, agus an bhfuil dlínse ag an gcúirt trádmharcanna de chuid an Aontais Eorpaigh i mBallstát Y i ndáil le caingean um shárú ar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh, de bhun Airteagal 125(5) den Rialachán maidir le trádmharcanna 1 sa chás nach sonraítear an limistéar geografach ina bhfuil na hearraí le seachadadh, ar a laghad, ní go sainráite, nó nach n-eisiatar Ballstát faoi leith ón limistéar sin, san fhógra arna fhoilsiú go leictreonach nó ar shuíomh gréasáin fógróra ar a bhfuil nasc chuig an bhfógra? An bhféadfar cineál na n-earraí lena mbaineann an fógra agus an fíoras go líomhnaítear go bhfuil margadh domhanda ann do tháirgí Chuideachta A agus, dá bhrí sin, go gcuimsíonn sé críoch iomlán an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear Ballstát Y, le cur san áireamh ina thaobh sin?

2.    An féidir teacht ar an gconclúid go bhfuil an fógra thuas dírithe ar thomhaltóirí nó ar thrádálaithe i mBallstát Y má thaispeántar é ar shuíomh gréasáin innill cuardaigh arna oibriú faoin bhfearann barrleibhéil de chuid Bhallstát Y?

3.    Má thugtar freagra dearfach ar Cheist 1 nó 2, cad iad na fachtóirí eile, más ann dóibh, ba chóir a chur san áireamh chun a chinneadh an bhfuil an fógra dírithe ar chustaiméirí nó trádálaithe i mBallstát Y?

____________

1 Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (IO 2017 L 154, lch. 1).