Language of document :

Caingean arna tabhairt an 10 Lúnasa 2023 – An Coimisiún Eorpach v Poblacht na hIodáile

(Cás C-515/23)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Gattinara agus E. Sanfrutos Cano, Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na hIodáile

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt:

a dhearbhú, trína mainneachtain na bearta uile is gá a ghlacadh chun breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 10 Aibreán 2014 i gCás C-85/13 an Coimisiún v an Iodáil (EU:C:2014:251) a fhorfheidhmiú, gur mhainnigh Poblacht na hIodáile a hoibleagáidí faoi Airteagal 260(1)CFAE a chomhlíonadh;

a ordú do Phoblacht na hIodáile íocaíocht phionósach laethúil EUR 122 760 a íoc leis an gCoimisiún, lúide aon laghdú féideartha arna ríomh leis an bhfoirmle laghdaithe atá beartaithe, maidir le gach lá a gcuirfear moill ar fhorfheidhmiú bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 10 Aibreán 2014 i gCás C-85/13 an Coimisiún v an Iodáil (EU:C:2014:251), agus go dtí an dáta a fhorfheidhmfar an breithiúnas a tugadh an 10 Aibreán 2014 i gCás C-85/13 an Coimisiún v an Iodáil (EU:C:2014:251);

a ordú do Phoblacht na hIodáile cnapshuim EUR 13 640 in aghaidh an lae a íoc leis an gCoimisiún, lúide aon laghdú féideartha arna ríomh leis an bhfoirmle laghdaithe atá beartaithe, le méid iomlán íosta de EUR 9 548 000, ón dáta breithiúnas an 10 Aibreán 2014 i gCás C-85/13 an Coimisiún v an Iodáil (EU:C:2014:251) go dtí dáta a thugtar an bhreithiúnais sa chás seo nó go dtí dáta a fhorfheidhmfar bhreithiúnas an 10 Aibreán 2014 i gCás C-85/13 an Coimisiún v an Iodáil (EU:C:2014:251), i gcás inar luaithe dáta forfheidhmiú ná dáta an bhreithiúnais sa chás seo;

a ordú do Phoblacht na hIodáile na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Thionscain an Coimisiún nós imeachta faoi Airteagal 260(2) CFAE i bhfianaise mhainneachtain leanúnach breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 10 Aibreán 2014, an Coimisiún v an Iodáil, C-85/13, EU:C:2014:251 a fhorfheidhmiú.

Maidir leis an mainneachtain an breithiúnas a fhorfheidhmiú i gcás C-85/13, áitíonn an Coimisiún ar an gcéad dul síos nár ghlac an Iodáil na bearta is gá, go dtí seo, chun a áirithiú, i ngach ceirtleán a chumhdaítear le breithiúnas na Cúirte Breithiúnais i gcás C-85/13 agus a bhfuil coibhéis daonra (CD) níos mó ná 10 000 aige, go bhfuil fuíolluisce uirbeach a thagann isteach i gcórais bhailithe faoi réir cóireáil thánaisteach nó cóireáil choibhéiseach, sula scaoiltear é, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 91/271/CEE. 1 Go háirithe, leanann an sárú ar Airteagal 4 den Treoir ar aghaidh sna ceirtleáin Castellammare del Golfo I, Cinisi, Terrasini (Réigiún na Sicile) agus an Courmayeur (Valle d’Aosta).

Ar an dara dul síos, áitíonn an Coimisiún nár ghlac an Iodáil na bearta is gá chun a áirithiú, i ngach ceirtleán a chumhdaítear le breithiúnas na Cúirte Breithiúnais i gcás C-85/13, ina bhfuil daonra níos mó ná 10 000 CD agus ina scaoiltear fuíolluisce uirbeach isteach in uiscí glactha a mheastar a bheith ina ‘limistéir íogaire’ de réir bhrí Airteagal 5(1) den Treoir, eadhon Castellammare del Golfo I, Cinisi, Terrasini agus Trappeto, go mbeidh fuíolluisce uirbeach a thagann isteach i gcórais bailithe faoi réir cóireála atá níos déine ná cóireáil thánaisteach nó choibhéiseach, i gcomhréir le hAirteagal 5 den Treoir.

Ar an tríú dul síos agus ar deireadh, dar leis an gCoimisiúin, níl na bearta is gá glactha ag an Iodáil chun a áirithiú go ndéanfar gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh i ngach ceirtleán a chumhdaítear le breithiúnas na Cúirte i gCás C-85/13 agus a tógadh chun ceanglais na Treorach a chomhlíonadh a dhearadh, a thógáil, a oibriú agus a chothabháil ar bhealach a áiritheoidh feidhmíocht leordhóthanach faoi ghnáthdhálaí aeráide áitiúla agus go gceapfar gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh chun athruithe séasúracha ar an ualach a chur san áireamh, agus ar an mbealach sin Airteagal 10 den Treoir a shárú.

Maidir leis na pionóis airgeadais dá bhforáiltear in Airteagal 260(2) CFAE, iarrann an Coimisiún ar an gCúirt íocaíocht phionósach laethúil EUR 122 760 a fhorchur leis an gCoimisiún, lúide aon laghdú féideartha mar gheall ar cheirtleáin a d’fhéadfadh a bheith comhlíontach idir an dá linn, i gcás gach lae moille maidir leis an mbreithiúnas a tugadh an 10 Aibreán 2014 i gCás C-85/13 a fhorfheidhmiú, ón dáta a dtugtar breithiúnas sa chás seo go dtí an dáta a fhorfheidhmfar an breithiúnas i gCás C-85/13, agus cnapshuim ar bhonn méid laethúil EUR 13 640, le méid iomlán íosta EUR 9 548 000.

Go háirithe, chun an chnapshuim a bheidh le híoc ag Poblacht na hIodáile a ríomh go cinntitheach, ba cheart an méid laethúil a iolrú faoi líon na laethanta de shárú leanúnach, eadhon líon na laethanta a rachaidh in éag idir breithiúnas na Cúirte an 10 Aibreán 2014 i gCás C-85/1 agus dáta an bhreithiúnais a tugadh sa chás seo nó, más luaithe é, an dáta ar fhorfheidhmíonn Poblacht na hIodáile an breithiúnas i gCás C-85/13, lúide aon laghdú féideartha mar gheall ar cheirtleáin a d’fhéadfadh a bheith comhlíontach idir an dá linn.

____________

1     Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO 1991 L 135, lch. 40).