Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 26 Meán Fómhair ag Apart sp. z o.o. i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) a tugadh an 26 Iúil 2023 i gCás T-591/21, Apart v EUIPO - S. Tous

(Cás C-597/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Apart sp. z o.o. (ionadaí: J. Gwiazdowska, radca prawny)

Páirtí eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Trí ordú an 2 Feabhra 2024, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an Dlísheomra ina gcinntear an gceadaítear nó nach gceadaítear go leanfaí ar aghaidh le hachomhairc) nach gceadófar go leanfaí ar aghaidh leis an achomharc agus go n-íocfaidh Apart sp. z o.o. a chostais féin.

____________