Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunale civile di Padova (an Iodáil) a taisceadh an 28 Lúnasa 2023 – AR v Ministero dell’Istruzione e del Merito

(Cás C-543/23, Gnattai 1 )

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale civile di Padova

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: AR

Cosantóir: Ministero dell’Istruzione e del Merito

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Clásal 4(1) den Chomhaontú Réime maidir le conarthaí ar théarma shocraithe a tugadh i gcrích an 18 Márta 1999, atá i gceangal le Treoir 1999/70/CE 1 ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999, agus prionsabal ginearálta an neamh-idirdhealaithe maidir le dálaí fostaíochta d’oibrithe faoi dhlí an [Aontais] mar atá sé faoi láthair, arna léamh i bhfianaise Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt) a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht atá in Airteagal 485 Decreto legislativo n. 297/94 (Foraithne Reachtach Uimh. 297/94) lena bhforáiltear, de réir an léiriú a thugann an Suprema Corte di Cassazione (an Chúirt Achomhairc Uachtarach, an Iodáil) (féach breithiúnas Cass. S.L. Uimh. 32386/2019, Uimh. 33134/2019 agus Uimh. 33137 de 2019), go bhfuil na fostaithe ar théarma seasta de scuole paritarie (scoileanna státchreidiúnaithe) dá dtagraítear i Legge n. 62/2000 (Dlí Uimh. 62/2000) le caitheamh leo ar bhealach is lú fabhar, agus na cearta a d’fhabhraigh siad le linn a ngairme á meas, ná mar a chaitear le fostaithe buana an Ministero dell’Istruzione e del Merito (Aireacht Oideachais agus Fiúntais, an Iodáil), toisc nár éirigh leo i bpróiseas roghnúcháin poiblí nó gur mhúin siad mar fhostaí de chuid scuole paritarie (scoileanna státchreidiúnaithe) atá aitheanta go dlíthiúil, d’ainneoin go bhfuil foireann teagaisc ar théarma seasta ag scuole paritarie (scoileanna státchreidiúnaithe) inchomparáide leis an staid atá ag buanfhoirne teagaisc i scoileanna Stáit, maidir leis an gcineál oibre agus oiliúna agus coinníollacha fostaíochta, a mhéid is go gcomhlíonann siad na cúraimí céanna, go bhfuil na scileanna céanna smachta, oideolaíocha, modheolaíochta-oideacha, eagrúcháin-choibhneasa agus taighde acu, a fuarthas trí thaithí múinteoireachta, mar a aithnítear sa dlí náisiúnta sin a bheith comhionann chun críocha earcaíochta faoi chonradh buan trí thagairt a dhéanamh do na buanliostaí rangú, atá dúnta anois (féach Airteagal 2(2) de Decreto-legge n. 255/2001 (Dlí Foraithne Uimh. 255/2001))?

I gcomhthéacs chur i bhfeidhm Threoir 1999/70, an gcaithfear ​​na prionsabail ghinearálta faoi dhlí [an Aontais] mar atá sé faoi láthair maidir le comhionannas, cóir chomhionann agus neamh-idirdhealú i réimse na fostaíochta, mar atá cumhdaithe freisin in Airteagail 20 agus 21 den Chairt, in Airteagal 14 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (atá ábhartha de bhun Airteagal 52 den Chairt), i gCairt Shóisialta na hEorpa arna formheas an 18 Meitheamh 1961, in Airteagal 157 CFAE agus i dTreoracha 2000/43/CE 1 agus 2000/78/CE2 , a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht amhail an reachtaíocht atá in Airteagal 485 de Decreto legislativo n. 297/94 (Foraithne Reachtach Uimh. 297/94), lena n-ordaítear nach bhfuil ach seirbhísí teagaisc fostaí de chuid na hAireachta nó de chuid scuola parificata (bunscoil stáitchreidiúnaithe), scuola pareggiata (meánscoil státchreidiúnaithe), scuola sussidiata o sussidiaria (scoil maoinithe ag an Stát atá á reáchtáil ag daoine aonair nó eintitis phríobháideacha), scuola popolare (scoil um oideachas aosach) nó educandato (scoil cailíní atá á reáchtáil ag comhlacht reiligiúnach) le cur san áireamh chun críocha tuarastail, agus measúnú á dhéanamh ar na cearta a fabhraíodh le linn gairme sa chaoi go gcaitear le foireann teagaisc ar théarma seasta ag scuole paritarie (scoileanna státchreidiúnaithe) ar bhealach is lú fabhar agus go ndéantar idirdhealú ina gcoinne le linn an mheasúnaithe sin (déantar measúnú den sórt sin tar éis earcaíochta faoi chonradh buan ag an Aireacht Oideachais agus Fiúntais), ar bhealach nach n-aithnítear a gceart chun pá forlíontach a bhaineann le fad seirbhíse, a íoctar, áfach, le foireann teagaisc ar théarma seasta i scoileanna stáit agus cathrach, scuole parificate (bunscoileanna stáitchreidiúnaithe), scuola pareggiata (meánscoil státchreidiúnaithe), scuola sussidiata o sussidiaria (scoil maoinithe ag an Stát atá á reáchtáil ag daoine aonair nó eintitis phríobháideacha), scuola popolare (scoil um oideachas aosach) agus educantandi (scoileanna cailíní atá á reáchtáil ag comhlacht reiligiúnach), atá i gcás atá inchomparáide leis an bhfoireann teagaisc ag scuole paritarie (scoileanna coibhéise Stáit) maidir leis an gcineál oibre, dualgais, seirbhísí agus oibleagáidí gairmiúla, chomh maith leis na coinníollacha oiliúna agus oibre maidir leis an bhfoireann teagaisc ag scuole paritarie (scoileanna stáitchreidiúnaithe) dá dtagraítear i Legge n. 62/2000 (Dlí Uimh. 62/2000), a mhéid is go gcomhlíonann siad na cúraimí céanna agus go bhfaigheann siad, tríd an taithí teagaisc a fhaigheann siad, na scileanna céanna smachta, oideolaíocha, modheolaíochta-oideacha, eagrúcháin-choibhneasa agus taighde agus a fhaigheann foireann teagaisc ag scuole paritarie (scoileanna stáitchreidiúnaithe)?

An gcaithfear an coincheap ‘buan-oibrí inchomparáide’ dá dtagraítear i gClásal 4(1) den Chomhaontú Réime maidir le conarthaí ar théarma seasta a tugadh i gcrích an 18 Márta 1999, atá i gceangal le Treoir 1999/70/CE, agus na prionsabail ghinearálta faoi dhlí [an Aontais] maidir le comhionannas, cóir chomhionann agus neamh-idirdhealú i réimse na fostaíochta, atá cumhdaithe in Airteagail 20 agus 21 den Chairt, a léiriú sa chaoi nach mór, i gcomhthéacs aithint incrimintí sinsearachta, na seirbhísí a dhéantar mar fhostaí sealadach de chuid scoileanna a aithnítear go hoifigiúil a láimhseáil ar an mbealach céanna leo siúd a dhéantar i scoileanna Stáit, scuole parificate (bunscoileanna stáitchreidiúnaithe), scuole pareggiate (meánscoil státchreidiúnaithe), scuole popolari (scoil um oideachas aosach), scuole sussidiate e sussidiarie (scoil maoinithe ag an Stát atá á reáchtáil ag daoine aonair nó eintitis phríobháideacha), agus educandati (scoileanna cailíní atá á reáchtáil ag comhlacht reiligiúnach), a mhéid is a chomhlíonann na múinteoirí sin na cúraimí céanna, go bhfuil na hoibleagáidí gairmiúla céanna orthu agus go bhfuil na scileanna céanna smachta, oideolaíocha, modheolaíochta-teagaisc, eagrúcháin-choibhneasta agus taighde acu?

Mura bhfuil Airteagal 485 de Decreto legislativo n. 297/94 (Foraithne Reachtach Uimh. 297/94) ag luí le dlí [an Aontais], an gceanglaítear leis an gCairt ar an gcúirt náisiúnta an píosa reachtaíochta náisiúnta nach bhfuil ag luí leis a dhífheidhmiú?

____________

1     Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1     Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 i dtaca leis an gcreat-chomhaontú maidir le hobair théarma shocraithe a thug CEC, Cónaidhm na nGnóthas Eorpach agus SGI Europe i gcrích (IO L 175, lch. 43).

1     Treoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach (IO 2000 L 180, lch. 22).

1     Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO 2000 L 303, lch. 16).