Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht München (an Ghearmáin) arna taisceadh an 11 Márta 2022 – SO v Scalable Capital GmbH

(Cás C-189/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Amtsgericht München

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: SO

Cosantóir: Scalable Capital GmbH

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.    An gcaithfear Airteagal 82 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 1 a léirmhíniú sa chiall nach bhfuil an ceart chun damáistí de chineál pionósach fiú i gcomhthéacs an méid damáistí a ríomh agus, go háirithe, nach bhfuil feidhm athchomhairleach ghinearálta ná speisialta aige, ós rud é nach bhfuil ach feidhm cúitimh ag an gceart agus, i gcásanna áirithe, feidhm sásaimh?

2.a    Maidir leis an gceart chun damáistí neamhábhartha a mheas, an gcaithfear a ghlacadh mar bhonn tuisceana go bhfuil feidhm sásaimh ag an gceart sin chomh maith – is é sin le rá, sa chás seo, mar leas príobháideach an duine ar bhain an díobháil dó san iompar atá ina chúis leis an gcaillteanas a phionósú – nó an é nach bhfuil ach feidhm cúitimh ag an gceart chun damáistí – is é sin le rá sa chás seo mar fheidhm cúitimh ar an díobháil a bhain dó?

2.b.1.    Má ghlactar leis go bhfuil feidhm cúitimh agus sásaimh araon ag an gceart chun damáistí neamhábhartha: an bhfuil a mheasúnú le déanamh ar an mbonn go bhfuil tosaíocht struchtúrtha ag an bhfeidhm cúitimh ar an bhfeidhm sásaimh nó, ar a laghad, go bhfuil coibhneas rialach-eisceachta eatarthu? An gciallaíonn sé sin nach féidir feidhm sásaimh a bheith aige ach i gcás ina ndearnadh an sárú d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí?

2.b.2.    Mura bhfuil feidhm sásaimh ag an gceart chun damáistí neamhábhartha, agus na damáistí sin á ríomh, an é nach bhfuil ualach breise le tabhairt ach do sháruithe maidir le sonraí a rinneadh d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí a mheastar gur fachtóirí cúiseacha iad?

3.    An bhfuil damáistí neamhábhartha le meas ar bhonn ord struchtúrtha tosaíochta nó, ar a laghad, i gcoibhneas ordlathais rialach-eisceachta, ina bhfuil ualach níos lú ag baint le caillteanas de thoradh ar shárú maidir le sonraí ná mar atá ag an díobháil agus an dólás a bhaineann le díobháil choirp?

4.    An bhfuil an tsaoirse ag cúirt náisiúnta, i gcás ina ndéantar toimhde go ndearnadh díobháil, de bharr easpa tromchúise, gan ach miondamáistí a dheonú sa chaoi go bhféadfadh an duine ar bhain an díobháil dó nó an pobal i gcoitinne a thuiscint nach bhfuil iontu ach damáistí siombalacha?

5.    An gcaithfear a ghlacadh mar bhunús chun iarmhairtí damáistí neamhábhartha a mheas nach ndearnadh calaois aitheantais de réir bhrí aithris 75 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí ach i gcás inar ghlac ciontóir aitheantas an duine lena mbaineann, is é sin le rá gur lig sé air gurb é an duine sin é, agus sna cásanna sin amháin, nó an leor gur éirigh leis na ciontuithe seilbh a fháil ar na sonraí sin lenar féidir an duine lena mbaineann a aithint?

____________

1 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016, L 119, lch. 1).